Cuirfidh idir bhaill agus lucht tacaíochta Ghluaiseacht an Phobail spéis sna himeachtaí thíos.


Baile Átha Cliath - 23 Deireadh Fómhair 2014

Thuas: Cuid den dream a labhair ag an bpreasagallamh.
Thíos: Na rialacha nua á míniú ag Merkel.

Gluaiseacht an Phobail
Preasagallamh & Léirsiú
Rialacha nua ar vótáil de réir tromlaigh cháilithe
Óstán Buswell, Sráid Theach Laighean
Déardaoin, 23 Deireadh Fómhair 2014, 11.00 a.m.
Ar na cainteoirí beidh:
Clare Daly TD, Thomas Pringle TD,
Brendan Young (comhairleoir), Patricia McKenna (iar-fheisire Eorpach)

Tar éis an phreasagallaimh, beidh léirsiú gairid i gcoinne na rialacha nua vótála os comhair Theach Laighean ag 1:00 p.m.


Baile Átha Cliath - 9 Bealtaine 2014

Thuas agus thíos: Baill de Ghluaiseacht an Phobail ag léirsiú os comhair oifigí Pharlaimint na hEorpa i mBaile Átha Cliath ar Lá na hEorpa i mbliana.

Gluaiseacht an Phobail
Léirsiú ar Lá na hEorpa
'Diúltaímis do Dhéine an Aontais Eorpaigh!'
Teacht le chéile ag Teach Laighean, Sráid Chill Dara
Siúl chuig Oifigí Pharlaimint na hEorpa, Sráid Theach Laighean
Beidh bratacha, t-léinte agus comharthaí le fáil ann.
Dé hAoine, 9 Bealtaine 2014, 1:00-2:00 p.m.


Baile Átha Cliath - 7 Márta 2014

Tionólfaidh Páirtí an Phobail Eorpaigh comhdháil i mBaile Átha Cliath chun iarrthóir an pháirtí le haghaidh uachtaránacht na Comhairle Eorpaí a roghnú. Beidh breis agus dhá mhíle toscaire as naoi dtír is tríocha i lathair. Orthusan beidh na cinn stáit agus na cinn rialtais seo a leanas: Angela Merkel (an Ghearmáin), Mariano Rajoy (an Spáinn), Traian Băsescu (an Rómáin), Viktor Orbán (an Ungáir), Donald Tusk (an Pholainn), Fredrik Reinfeldt (an tSualainn), Laimdota Straujuma (an Latvia), Antónis Samarás (an Ghréig), Jyrki Katainen (an Fhionlainn), Pedro Passos Coelho (an Phortaingéil), agus Níkos Anastasiádes (an Chipir) - mar aon le huachtaráin an Choimisiúin Eorpaigh agus na Comhairle Eorpaí, José Manuel Barroso agus Herman van Rompuy faoi seach.

Gluaiseacht an Phobail
Agóid
Comhdháil Pháirtí an Phobail Eorpaigh
Teacht le chéile ag Teach an Chustaim
Cé Theach an Chustaim, BÁC 2, ag 8:45 a.m.
Críochnóidh an agóid ag 10 a.m.

Gluaiseacht an Phobail
Agóid
Comhdháil Pháirtí an Phobail Eorpaigh
Teacht le chéile ag Teach an Chustaim
Cé Theach an Chustaim, BÁC 2, ag 12:45 p.m.
Críochnóidh an agóid ag 2 p.m.


Baile Átha Cliath - 7 Márta 2014

People's Movement
Ceiliúradh
100 eagrán de People's News
Thuas staighre sa Palace Bar
Sráid na Toinne, BÁC 2
Dé hAoine, 7 Márta 2014 ag 6 p.m.


Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.