Beidh eolas le fáil anseo ar thionchar an Aontais Eorpaigh ar an saol in Éirinn i réimsí éagsúla.


Géarcheim san AE

Chualathas an chaint thíos ag comhdháil dar theideal 'Géarchéim san AE' i mBÁC, an 7-8 Deireadh Fómhair 2011:


Frank Keoghan ó Ghluaiseacht an Phobail ag caint ar an gceist 'Ar chóir d'Éirinn fanacht san euro?' Tá téacs an pháipéir le léamh anseo.


An Mheicníocht Eorpach um Chobhsaíocht

Tá an dara eagrán (Meitheamh 2011) de thuarascáil a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail ar an Meicníocht Eorpach um Chobhsaíocht agus an tuairim go bhfuil gá le reifreann in Éirinn le fáil anseo (3.6 MB).


An ghéarchéim sa tseirbhís sláinte



Cainteoirí ag cruinnithe sa Mhuileann gCearr (in uachtar) agus i nDroichead Nua.

Ag cruinnithe poiblí a d'eagraigh Gluaiseacht an Phobail i nDroichead Nua, an 16 Meitheamh, agus sa Mhuileann gCearr, an 22 Meitheamh, labhair Marie O'Connor, iriseoir agus údar Emergency: Irish hospitals in chaos, agus Mary Crotty, ball de choiste náisiúnta na Gluaiseachta, faoin ngéarchéim ina bhfuil an tseirbhís sláinte; phléigh siad na gnéithe náisiúnta agus Eorpacha den cheist faoi seach. Tá téacsaí na gcainteanna le fáil anseo (O'Connor) agus anseo (Crotty).


An Treoir um Chúram Sláinte

Tá treoir i dtaobh cheart na n-othar chun cúram sláinte a fháil i mballstáit eile á moladh ag an Aontas Eorpach agus d'fhéadfadh sí dochar mór a dhéanamh do sholáthar na seirbhísí sláinte in Éirinn. Tá leabhrán a d'fhoilsigh Gluaiseacht an Phobail ar an ábhar le fáil anseo.


Spriocanna domhanda an Aontais Eorpaigh

Labhair Kevin McCorry, ball de choiste náisiúnta Ghluaiseacht an Phobail, ag cruinniú poiblí a tionóladh in Institiúid na hÉireann, Baile Átha Cliath, le déanaí. Is é an t-ábhar cainte a bhí aige ná spriocanna domhanda an Aontais Eorpaigh agus tá téacs na hóráide le fáil anseo anois.


Aighneacht i dtaobh pholasaí iascaireachta an AE

Chuir Gluaiseacht an Phobail aighneacht isteach mar chuid d'athbhreithniú ar Chomhbheartas Iascaigh an AE atá ar siúl faoi láthair. Tá cóip den aighneacht le fáil anseo i bhfoirm PDF.


Ní shéanfaidh Barroso cáin ón mBruiséil

Agus é ag labhairt i bParlaimint na hEorpa, fiafraíodh de Barroso an raibh sé ar aon fhocal le huachtarán tofa an Aontais, Van Rompuy, fear a bhfuil cánacha díreacha molta aige.

'Tá sé i gceist agam breathnú ar gach a mbaineann le cúrsaí cánach san AE, caithfimid breathnú ar acmhainní uile an AE' arsa Barroso, a thug le fios go mbaineann cúrsaí cánach le réimse oibre a choimisiúin féin. 'Tá gealltanas tugtha don pharlaimint, sa chlár a bhí agam nuair a toghadh mé, go ndéanfai na "hacmhainní dílse" a scrúdú, agus tá sé sin luaite sa chlár ar ghlac Parlaimint na hEorpa leis.'

Nuair a chuir sé na tosaiochtaí a bheidh aige sa dara téarma cúig bliana i láthair, dúirt iar-phríomh-aire na Portaingéile nach bhféadfadh an Bhruiséil ceist na 'n-acmhainní dílse' a sheachaint: 'caithfimid a dhéanamh amach conas is féidir leis an AE teacht ar bhealach níos éifeachtaí agus níos soiléire chun a chuid polasaithe a mhaoiniú'.

Táthar ag súil go dtosnóidh cainteanna ar bhuiséad seacht mbliana an AE - buiséad a thiocfaidh i bhfeidhm in 2014 - sa bhliain 2011. Tá sé beartaithe 'seirbhís gníomhaíochta eachtraí' mhór a bhunú freisin ar chostas ard, rud a chuirfidh na mílte duine sa bhreis le seirbhisí taidhleoireachta agus eachtracha an AE ar fud na cruinne. [25 Samhain 2009]


Cáin Eorpach molta ag iarrthóir uachtaránachta

Nocht Herman Van Rompuy, príomh-aire na Beilge agus duine de na príomh-iarrthóirí le haghaidh uachtaránacht neamhthofa an AE, a chuid smaointe maidir le hairgeadú an Aontais ag dinnéar a d'eagraigh grúpa Bilderberg - dream atá tugtha don rúndacht. I measc na n-aíonna, bhí cathaoirleach an ghrúpa, Etienne Davignon, iar-rúnaí stáit na Stát Aontaithe Henry Kissinger, agus maithí móra ó shaol na polaitíochta idirnáisiúnta agus an ghnó. Tuairiscítear go ndúirt Van Rompuy: 'Caithfear scrúdú dáiríre a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh tobhaigh airgeadais ann ag leibhéal na hEorpa, agus don chéad uair tá tíortha móra an Aontais oscailte dá leithéid.'

Cuirfidh an bhaint a bhí ag Van Rompuy le dinnéar rúnda lucht Bilderberg míshuaimhneas breise orthusan atá i gcoinne an bhealaigh ina líonfaidh ceannairí an AE an post is mó san Aontas ag seisiúin neamhfhoirmeálta agus laistiar de dhóirse dúnta.

Is é atá i ngrúpa Bilderberg cumann don lucht rachmais a bhfuil idir uaisle, pholaiteoirí agus lucht gnó páirteach ann agus a bunaíodh sa bhliain 1954. Tagann siad le chéile ós íseal agus síltear go mbíonn tionchar míchuí acu ar pholasaithe na rialtas. Is iarbhaill mór le rá den ghrúpa iad Garret Fitzgerald agus Peter Sutherland.


Móramh níos mó i gcoinne bhallraíocht na hÍoslainne san AE

Léiríonn pobalbhreith nua go bhfuil an móramh san Íoslainn atá in éadan dul isteach san AE ag fás i gcónaí. De réir na pobalbhreithe, tá 54% de mhuintir na tíre i gcoinne dul isteach anois agus níl ach 29% ar a shon. Seo í an tríú huair as a chéile a fuarthas amach go bhfuil móramh ann i gcoinne ballraíochta san AE:

4 Lúnasa: 'Níl' 48.5%, 'Tá' 34.7%.
15 Meán Fómhair: 'Níl' 50.2%, 'Tá' 32.7%.
5 Samhain: 'Níl' 54%, 'Tá' 29%.

Tá eolas breise le fáil ag: EU News From Iceland.


Cánacha díreacha ón AE á moladh

Moltar i gcáipéis rúnda a sceitheadh ón gCoimisiún Eorpach go ndéanfaí buiséad an AE a mhaoiniú trí chánacha a ghearradh go díreach, in ionad an chórais atá ann ina ndéanann na ballstáit íocaíochtaí de réir an oll-ioncaim náisiúnta atá acu.


Bhí an scéala againne a chéaduair!

Molann an cháipéis go mbaileofaí airgead do bhuiséad an AE trí thobhaigh a ghearradh ar ghlaonna gutháin, ar eitiltí, ar ghníomha trádála airgeadais nó ar astuithe carbóin, in ainneoin na ngealltanas a tugadh i rith fheachtas an reifrinn ar Chonradh Liospóin go gcoinneodh rialtas na hÉireann smacht ar chúrsaí cánach.

Scríobh an tUasal Barroso i réamhrá leis go bhfuil 'fís an Choimsiúin maidir le leasú bhuiséad an AE curtha i láthair' sa tuarascáil. Mairfidh an socrú reatha don bhuiséad go dtí an bhliain 2013. Tá an cháipéis a sceitheadh le léamh anseo.


Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.