Ar an leathanach seo foilseofar eolas ar ghnóthaí inmheánacha Ghluaiseacht an Phobail a mbeidh suim ag ár mbaill ann.


Baile Átha Cliath - 29 Eanáir 2011

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Ginearálta
Ag oifigí UNITE
55-56 Sráid na Mainistreach Láir, BÁC 1
Dé Sathairn, 29 Eanáir 2011, 2:00 p.m.
Cruinniú ginearálta de bhaill agus de lucht tacaíochta Ghluaiseacht an Phobail chun an t-olltoghchán a phlé.


An Ghluaiseacht sa Danmhairg - 30-31 D. F. 2010

D'fhreastail ionadaithe ó Ghluaiseacht an Phobail ar chomhdháil an Folkebevægelsen mod EU (Gluaiseacht an Phobail i gCoinne an AE) in Aarhus le déanaí. Tugadh tuairisc ar gheilleagar na hÉireann agus bronnadh bratach a úsáideadh sa dara reifreann ar Chonradh Liospóin don chomhdháil. Bhí cruinnithe tairbheacha againn le heagrais ó na críocha Lochlannacha eile atá i gcoinne chúrsa an AE.

Tá preasráiteas a d'eisigh an Folkebevægelsen mod EU tar éis na comhdhála le léamh anseo.


Cruinnithe de chuid na Gluaiseachta

Tionólfar sraith de chruinnithe comhairleacha i rith na seachtainí atá romhainn i mBaile Átha Cliath, sa Mhuileann gCearr, i gCill Chainnigh, i nDún na nGall, i nGaillimh, i Sligeach, i Maigh Nuad, agus i roinnt áiteanna eile chun moltaí a fháil maidir le treo na Gluaiseachta amach anseo. Seolfar na moltaí sin ar aghaidh chuig an gCoiste Náisiúnta a toghadh ag an gCruinniú Ceann Bliana deireanach. Tiocfaidh an Coiste Náisiúnta le chéile uair éigin i mí na Nollag agus réiteoidh sé moltaí le haghaidh ollchruinnithe de na baill a bheidh ann go luath ina dhiaidh sin - i dtús na hathbhliana níos dóichí ná a mhalairt.

Roghnaíodh an cur chuige seo chun deis cainte a thabhairt dár mbaill agus dár lucht tacaíochta go léir, agus le cinntiú go mbeadh díospóireacht oscailte gan srian ar bith ann. Idir an dá linn, leanfaimid orainn ag obair as son cuspóirí na Gluaiseachta.


Cruinniú ceann bliana Ghluaiseacht an Phobail

Tionóladh cruinniú ceann bliana Ghluaiseacht an Phobal don bhliain 2009 in Institiúid na hÉireann, Sráid an Phiarsaigh, BÁC Dé Sathairn an 9 Bealtaine. Phléigh na baill a bhí i láthair ó chraobhacha ar fud na tíre réimse leathan ábhair: tá na rúin go léir ar glacadh leo le léamh anseo.

Ghlac na toscairí le bunreacht don Ghluaiseacht chomh maith agus toghadh an t-ochtar seo a leanas ina gcomhaltaí den choiste feidhmeannach don bhliain atá romhainn:
Pamela Davis
Cian Flanagan
Frank Keoghan
Eugene McCartan
Kevin McCorry
Patricia McKenna
Máire Ní Bheaglaoich
Eoin Ó Néill
Toghfar comhaltaí breise thar ceann na réigiún amach anseo.


Bailiú airgid

Agus an chuma ar chúrsaí go mbeidh ar Ghluaiseacht an Phobail feachtas eile reifrinn a chur ar bun i mbliana, ní foláir dár gcraobhacha agus dár mbaill uile luí isteach ar an mbailiú airgid gan mhoill. Gheofar cáipéis anseo a thugann dea-chomhairle faoi na modhanna is éifeachtaí chuige sin.


Coiste don Oirdheisceart curtha ar bun


Patricia McKenna i dteannta bhaill an choiste nua

Bunaíodh coiste de Ghluaiseacht an Phobail don Oirdheisceart ag cruinniú in óstán an Seven Oaks i gCeatharlach, an 4 Samhain 2008, ar ar fhreastail baill ghníomhacha ó Cheatharlach, ó Chill Chainnigh, ó Phort Láirge, ó Loch Garman agus ó dheisceart Chill Mhantáin.

Seo cuid dá ndúirt Mary Crotty, duine den dream a d'eagraigh an cruinniú: 'In ainneoin na ngealltanas a tugadh i dtús báire go nglacfaí leis an vóta diúltach a thug Éire i mí an Mheithimh seo caite, is léir go bhfuil reifreann eile ón gCoimisiún sa Bruiséil agus ó stáit mhóra an Aontais Eorpaigh. Níl ann ach ceist ama, dar le lucht "Tá" na hÉireann. Streachailt fhada atá romhainne a d'oibrigh sa bhfeachtas i gcoinne an Chonartha mar sin. Agus sin é an fáth go bhfuilimid ag bunú struchtúr níos buaine agus níos eagraithe ná na socruithe scaoilte neamhfoirmeálta a d'oibrigh chomh maith sin sa reifrinn.'


Craobh curtha ar bun i gCill Dara


Eoghan O'Neill, an Dr Florence Craven, Damien Mc Kenna agus Michael Quinn.

Bunaíodh craobh de Ghluaiseacht an Phobail le freastal ar thuaisceart Chontae Chill Dara ag cruinniú poiblí a tionóladh sa Glenroyal Hotel, an 8 Deireadh Fómhair. Tá preasráiteas a d'eisigh an chraobh nua tar éis an chruinnithe le léamh anseo.

Coiste réigiúnach curtha ar bun do lár na tíre


Joe Reynolds, Mags Glennon agus June Kelly.

Bhunaigh baill de Ghluaiseacht an Phobail i lár na tíre coiste réigiúnach ag cruinniú sa Mhuileann gCearr ar an Máirt, an 5 Lúnasa. Is iad na hoifigigh a toghadh Mags Glennon (cathaoirleach), June Kelly (rúnaí) agus Joe Reynolds (cisteoir). Níl anseo ach an chéad cheann de shraith cruinnithe a thionólfar ar fud na tíre sna míonna atá romhainn chun coistí réigiúnacha den Ghluaiseacht a chur ar bun. Tá preasráiteas ina dtugtar sonraí teagmhála an choiste nua le léamh anseo.



For sovereignty, democracy and social justice.