Cuireann Gluaiseacht an Phobail i gcoinne gach beartas chun ollstát feidearálach a dhéanamh den Aontas Eorpach agus oibríonn sí chun cumhacht na saoránach, an daonlathas, agus an chóir shóisialta a chosaint agus a leathnú in éirinn.

Dearbhú Cuspóirí

  1. Chun daonlathas agus flaitheas na héireann, agus tosaíocht Bhunreacht na héireann agus a chuid institiúidí ar institiúidí osnáisiúnta an Aontais Eorpaigh agus a chuid conarthaí, a chosaint agus a leathnú.
  2. Chun cur i gcoinne fhorbairt an Aontais Eorpaigh mar ollstát feidearálach a mbeadh institiúidí agus bunreacht dá chuid féin aige (agus i gcoinne conartha bunreachtúil ar bith a thabharfadh pearsantacht dlíthiúil agus tosaíocht ar Bhunreacht na hÉireann don AE).
  3. Chun tacaíocht a chothú in éirinn agus thar lear do leasuithe a fhorbródh an AE mar chumann idirnáisiúnta, bunaithe ar chonradh, ina bhféadfadh stáit na hEorpa comhoibriú le chéile, laistigh de limistéir aontaithe eacnamaíoch, maidir le ceisteanna a bhaineann leo go léir gan teacht trasna ar fhlaitheas ná ar chearta na mballstát.
  4. Chun leasúithe ar institiúidí an AE mar atá siad faoi láthair a mholadh, agus chun tacú le haistriú cumhachtaí ar ais go dtí na parlaimintí náisiúnta nó chuig institiúidí náisiúnta nó áitiúla eile.
  5. Chun feachtas a thionscnamh ar son forála nua Bunreachta a dhaingneodh neodracht mhíleata agus neamh-ailíneacht na tíre. Thairis sin, chun tacú leis an bpolasaí reatha gurb é Eagraíocht na Náisiún Aontaithe an foras a bhfuil príomhchúram na ngéarchéimeanna idirnáisúnta agus daonnúla air, agus gurb é an t-aon eagras é ar féidir leis glaoch ar fhórsaí cosanta agus slandála na héireann ina leithéid de chás.
  6. Chun tacú le comhoibriú leis na stáit neamh-ailínithe eile san Eoraip agus ar fud an domhain maidir le ceisteanna a bhaineann le gníomhaíochtaí na Náisiún Aontaithe nó le leasú na Comhairle Slandála agus institiúidí eile na heagraíochta. Caithfear an Comhpháirtíocht ar Son na Síochána (PFP) a athrú le cinntiú go mbeidh comhcheannasaíocht (.i. tíortha neamh-ailínithe is baill de NATO) agus údarás na Náisiún Aontaithe ag gach feachtas.
  7. Chun leasuithe a mholadh ar dhlíthe, ar institiúidí daonlathacha agus ar Bhunreacht na tíre, más gá, agus chun cearta sibhialta a chosaint agus a leathnú.
  8. Chun cur le heolas agus le tuiscint an phobail ar cheisteanna a bhaineann leis an AE.
  9. Chun fanúint amach ó gach ceangal le páirtí polaitiúil ar bith, agus chun cur i gcoinne gach saghas seicteachais, ciníochais is gnéasachais.

Seasamh na Gluaiseachta i leith an Aontais Eorpaigh

Tá preas ráiteas a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail, an 1 Bealtaine 2004, tráth ar tháinig deich mballstát nua isteach san Aontas Eorpach, le léamh anseo i leagan amach PDF.


For sovereignty, democracy and social justice.