Tá liosta d'imeachtaí na bliana 2012 anseo thíos.


Baile Átha Cliath - 9 Nollaig 2012

Gluaiseacht an Phobail
Faire faoi Sholas Coinnle
Agóid i gCoinne Duais Síochána Nobel, 2012
Oifigí Pharlaimint na hEorpa
Sráid Theach Laighean, BÁC 2
Dé Domhnaigh, 9 Nollaig 2012, 4:30 p.m.


Cuid den dream a bhí i láthair

Is cuid de Thionscnamh Síochána 2012 í an ócáid seo. I measc lucht tacaíochta an tionscnaimh tá an Nobel Laureate International Peace Bureau (1910), Mairead Maguire agus Adolfo Pérez Esquivel a bhuaigh Duais Síochána Nobel in 1976 agus in 1980, Folkebevægelsen (Gluaiseacht an Phobail sa Danmhairg), Mná ar son na Siochána sa tSualainn agus sa bhFionlainn, Självständighetspartiet na Fionlainne, Syriza na Gréige, Nei til EU na hIorua, Seanmháithreacha ar son na Síochána san Iorua, Oibrithe Eolais ar son na Síochána, Conradh Idirnáisiúnta na mBan ar son na Síochána (IKFF) agus Gluaiseacht an Phobail in Éirinn, mar aon le mórán daoine agus dreamanna eile.


An oiriúnaí an dearadh é do bhratach an AE?

Tá preasráiteas a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail faoi bhronnadh Dhuais Síochána Nobel na bliana seo ar an Aontas Eorpach le léamh anseo.


Buiséad 2013

Gluaiseacht an Phobail
Léirsiú faoin mBuiséad
Ag Dáil Éireann (Sraid Chill Dara)
Dé Céadaoin, 5 Nollaig 2012, 1:00 p.m.


Cuid den slua a ghlac páirt sa léirsiú


Enda Kenny ag bronnadh €1 míle milliún ar Angela Merkel

Tabharfaidh 'Enda Kenny' €3.1 míle milliún dúinn ag geataí Theach Laighean agus siúlfaimid ansin go dtí oifigí Pharlaimint na hEorpa i Sráid Theach Laighean, áit a mbeidh 'Angela Merkel' ag feitheamh chun an t-airgead a ghlacadh thar ceann na sealbhóirí bannaí.

Is mithid dúinn uile tacú leis an éileamh atá ag fás nach n-íocfar an tsuim ollmhór airgid seo - agus agóid a dhéanamh i gcoinne buiséad cruálach seo na déine ag an am céanna.


Léacht Raymond Crotty, 2012


Séamas Ó Tuathail (ar chlé) agus Thomas Pringle TD

Thug Thomas Pringle TD léacht Raymond Crotty don bhliain 2012, léacht dar theideal 'Conradh an ESM? Ach vótálamar air cheana', i mBaile Átha Cliath an 22 Samhain.

Tá téacs iomlán na léachta le fáil anseo mar chomhad PDF.

Tá bileog ar chúlra an léachta a thabharfaidh Thomas Pringle le fáil anseo.


Baile Átha Cliath - 19 Meitheamh 2012


Cuid den slua a ghlac páirt i bpicéad a d'eagraigh Gluaiseacht an Phobail os comhair Dháil Éireann chun reifreann ar an Meicníocht Eorpach um Chobhsaíocht a éileamh.

Gluaiseacht an Phobail
Picéad
Éilímid reifreann ar an MEC!
Crostar an leasú ar Alt 136!
Dáil Éireann, geata Shráid Chill Dara
Dé Máirt, 19 Meitheamh 2012, 1:30 p.m.
Beidh póstaeir le fáil


Leithghlinn an Droichid, Co. Cheatharlach -
29 Bealtaine 2012


Cuid den slua a d'fhreastail ar an gcruinniú deireanach i bhfeachtas reifrinn Ghluaiseacht an Phobail.

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Cén fáth ar chóir vótáil i gcoinne an ghátair
Óstán Lord Bagenal
Dé Mairt, 29 Bealtaine 2012, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Peter Lacey
Frank Keoghan


Port Láirge - 24 Bealtaine 2012

Gluaiseacht an Phobail
waterfordsaysno.com
Cruinniú Poiblí
Cén fáth ar chóir vótáil i gcoinne an ghátair
Óstán na Páirce
Déardaoin, 24 Bealtaine 2012, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Tom O'Connor, IT Chorcaí
Patricia McKenna
Kevin McCorry


Cill Chainnigh - 23 Bealtaine 2012

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Cén fáth ar chóir vótáil i gcoinne an ghátair
Óstán an Club House
Dé Céadaoin, 23 Bealtaine 2012, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Patricia McKenna
Kevin McCorry


Baile Munna, Áth Cliath - 23 Bealtaine 2012

Pairtnéireacht Cheantair Bhaile Munna-Fionnbhrú
Díospóireacht Phoiblí
Amharclann an Axis, Baile Munna
Dé Céadaoin, 23 Bealtaine 2012, 7:30 p.m.
Cainteoirí: Mick O'Reilly
Blair Horan


Domhnach Cearna, Áth Cliath - 22 Bealtaine 2012

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Cén fáth ar chóir vótáil NÍL!
Ionad óige agus pobail 'Le Chéile', Domhnach Cearna
Dé Máirt, 22 Bealtaine 2012, 7:30 p.m.
Cainteoirí: Thomas Pringle TD
Patricia McKenna
Cathaoirleach: Finian McGrath TD


Baile Átha Cliath - 22 Bealtaine 2012

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Cén fáth ar chóir vótáil NÍL!
Institiúid na hÉireann, 27 Sráid an Phiarsaigh
Dé Máirt, 22 Bealtaine 2012, 7:30 p.m.
Cainteoirí: Robert Ballagh
Mick O'Reilly


Ceatharlach - 22 Bealtaine 2012

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Cén fáth ar chóir vótáil i gcoinne an ghátair
Tigh Reddy
Dé Máirt, 22 Bealtaine 2012, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Patricia McKenna
Kevin McCorry


An Caisleán Nua, Co. Luimnigh - 21 Bealtaine 2012

Saoránaigh i gcoinne na dTaillí
Cruinniú Poiblí
Cén fáth ar chóir vótáil i gcoinne an ghátair
Dé Luain, 21 Bealtaine 2012, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Kevin McCorry
Martin Ferris TD
Kieran Allen


Port Láirge - 17 Bealtaine 2012

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Cén fáth ar chóir vótáil i gcoinne an ghátair
Óstán an Túir
Déardaoin, 17 Bealtaine 2012, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Patricia McKenna
Kieran Allen
Kevin McCorry


An Chabrach, Áth Cliath - 16 Bealtaine 2012

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
An Conradh Buanghátair - cad is brí leis?
Fochumann Naoimh Fhionnbarra CLG, Ascaill an Fhásaigh
Dé Céadaoin, 16 Bealtaine 2012, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Patricia McKenna
Michael O'Reilly
An Comhairleoir Cieran Perry


Baile Bhlainséir, Áth Cliath - 15 Bealtaine 2012

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Cén fáth ar chóir vótáil NÍL!
Kelly's of Ongar, Baile Bhlainséir
Dé Máirt, 15 Bealtaine 2012, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Thomas Pringle TD
Robert Ballagh


Carraig Mhachaire Rois, Muineacháin - 9 Bealtaine 2012

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Teach na mBocht, Carraig Mhachaire Rois
Dé Céadaoin, 9 Bealtaine 2012, 7:30 p.m.
Cainteoirí: Frank Keoghan
Eugene McCartan


Co. Átha Cliath - 3 Bealtaine 2012

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Conradh Buan-ghátair an AE - cén fáth ar chóir vótáil NÍL!
Boomers, Dutch Village, Cluain Docláin
Déardaoin, 3 Bealtaine 2012, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Mick O'Reilly
Peter Lacy
Cathaoirleach: Paul Doran


Co. Chill Dara - 2 Bealtaine 2012


Cuid den slua a bhí i láthair ag an gcruinniú.

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Conradh Buan-ghátair an AE: féinmharú eacnamaíoch?
Liffey Studio (os cionn Johnson's Bar), an tSráid Mhór, Droichead Nua
Dé Céadaoin, 2 Bealtaine 2012, 7:30 p.m.
Cainteoirí: Robert Ballagh, Gluaiseacht an Phobail
John Dore, Cumann Lucht Bainte Móna Chill Dara


Luimneach - 20 Aibreán 2012

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Cén fáth ar chóir vótáil i gcoinne an Chonartha Bhuan-ghátair
Óstán Pery, Sráid Glentworth, Luimneach
Dé hAoine, 20 Aibreán 2012, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Robert Ballagh
Patricia McKenna


Baile Átha Cliath - 19 Aibreán 2012

Gluaiseacht an Phobail
Picéad
Cuirfidh Gluaiseacht an Phobail picéad ar chomdháil dar teideal
Aontas polaitiúil anois? I dtreo comhtháthú breise san Eoraip
ina mbeidh painéal d'airí gnóthaí Eorpacha páirteach.
Geata Chaisleán Átha Cliath, taobh le Sráid an Dáma
Dé hAoine, 19 Aibreán 2012, ag 4:30 p.m.


An Muileann gCearr - 29 Márta 2012

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Conradh Buan-ghátair an AE: féinmharú eacnamaíoch?
Óstán an Greville Arms, an Muileann gCearr
Déardaoin, 29 Márta 2012, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Patricia McKenna
Peter Lacey
Cathaoirleach:Mags Glennon


Sligeach - 15 Márta 2012

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Conradh Buan-ghátair an AE: féinmharú eacnamaíoch?
Óstán an Glasshouse, Droichead de Híde, Sligeach
Déardaoin, 15 Márta 2012, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Thomas Pringle TD
Mick O'Reilly
Cathaoirleach: an Comhairleoir Declan Bree


Gaillimh - 14 Feabhra 2012


Robert Ballagh ag labhairt leis an gcruinniú i nGaillimh.

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Conradh Buan-ghátair an AE: Féinmharú Eacnamaíoch
Amharclann Halla an Bhaile, Gaillimh
Dé Máirt, 14 Feabhra 2012, 8:30 p.m.
Cainteoirí: Robert Ballagh
An tOllamh Terrence McDonough, OÉG
An Comhairleoir Catherine Connolly


Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.