Tá na preasraítis a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail le fáil anseo thíos.


15 Iúil 2015

Tá preasráiteas a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail i gcomhair agóide i gcoinne na Comhpháirtíochta Trádála agus Infheistíochta Trasatlantaí (TTIP) le fáil anseo.


4 Feabhra 2015

Tá preasráiteas a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail i gcomhair agóide i gcoinne na Comhpháirtíochta Trádála agus Infheistíochta Trasatlantaí (TTIP) le fáil anseo.


22 Deireadh Fómhair 2014

Tá preasráiteas a d'eisigh Ghluaiseacht an Phobail ar na rialacha nua a bhaineann leis an vótáil de réir tromlaigh cháilithe san Aontas Eorpach le léamh anseo.


5 Meán Fómhair 2014

Seoladh paimfléad ar an gconradh trádála agus infheistíochta idir an AE agus SAM ag preasagallamh i mBaile Átha Cliath. Gheofar achoimre ar a ndúirt na cainteoirí éagsúla sa phreasráiteas anseo.


20 Bealtaine 2014

Tá Patricia McKenna, iar-fheisire Eorpach agus cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, tar éis iarraidh ar vótóirí ar fud na tíre vóta éifeachtach a chaitheamh trí bhaill a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa a mbeidh dearcadh criticiúil acu i leith an AE. Tá cóip iomlán dá ráiteas le fáil anseo.


30 Nollaig 2013

D'ordaigh na EU Democrats, gluaiseacht pholaitiúil atá eagraithe ar fud an AE, pobalbhreith nua ó RedC ar son Ghluaiseacht an Phobail a léiríonn nach bhfuil a fhios ag muintir na hÉireann faoi athruithe móra i gcóras rialaithe an AE atá ar na bacáin, agus go bhfuil siad go láidir i gcoinne ualaí breise a chur ar cháin-íocóirí chun an euro a tharrtháil.

Tá achoimre ar thorthaí na pobalbhreithe le fáil i bhfoirm PDF anseo. Tá preasráiteas a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail le léamh anseo.


18 Nollaig 2013

Cháin Gluaiseacht an Phobail an t-aontas baincéireachta atá beartaithe do limistéar an euro i bpreasráiteas dár data an 18 Nollaig 2013.


8 Bealtaine 2013

Tá preasráiteas a eisíodh le aghaidh 'Lá na hEorpa' le léamh anseo.


5 Nollaig 2012

Tá preasráiteas ar an mbuiséad don bhliain 2013 le fáil anseo.


27 Samhain 2012


Mar fhreagra ar an mbreith a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an 27 Samhain, d'áitigh Gluaiseacht an Phobail go bhfuil muintir na hÉireann curtha faoi chomaoin ag an Teachta Pringle, fear a léirigh misneach agus díograis do leas an phobail nuair a thóg sé cás cúirte chun prionsabail an daonlathais, na freagrachta, agus fhorlámhas an dlí a chosaint.

Tá cóip den phreasráiteas le fáil anseo.


21 Samhain 2012

Tá Gluaiseacht an Phobail ag iarraidh ar dhaoine tacaíocht ollmhór a thabhairt don léirsiú i gcoinne pholasaí na déine a bheidh ar siúl Dé Sathairn. Tá an preasráiteas le léamh anseo.


28 May 2012

D'áitigh Frank Keoghan, urlabhraí Ghluaiseacht an Phobail, go bhfuil an taoiseach agus an t-aire airgeadais ag bréagnú a chéile maidir leis na cistí airgid ar féidir le hÉirinn tarraingt astu. Tá an ráiteas uaidh le léamh anseo.


28 May 2012


Orthu siúd a labhair ag an bpreasagallamh deireanach a d'eagraigh Gluaiseacht an Phobail san fheachtas reifrinn bhí (ó chlé go deas) Catherine Murphy TD, Maureen O’Sullivan TD, Robert Ballagh, Patricia McKenna agus Finian McGrath TD

Tá ráiteas a eisíodh tar éis an phreasagallaimh le fáil anseo.


23 Bealtaine 2012

D'fhoilsigh Gluaiseacht an Phobail torthaí pobalbreithe de chuid an chomhlachta Red C, an 23 Bealtaine, a léiríonn go bhfuil reifreann ar an Meicníocht Eorpach um Chobhsaíocht (ESM) ag teastáil ón bpobal. Tá preasráiteas ar an gceist le léamh anseo.


17 May 2012


Patricia Mckenna ag labhairt ag an bpreasagallamh


D'fhreastail 'Ming' Flanagan TD agus Robert Ballagh ar an bpreasagallamh

Ag preasgallamh a tionóladh an 17 Bealtaine, d'eisigh Gluaiseacht an Phobail ráiteas a tharraing aird ar chonradh nár tugadh mórán suntais dó go dtí seo, cé go ndeirtear gur conarthaí 'comhlántacha' iad an conradh seo agus an conradh buan-ghátair.


29 Feabhra 2012

preasráiteas eisithe ag Gluaiseacht an Phobail a mholann do mhuintir na hÉireann diúltú ollmhór a thabhairt do chonradh buan-ghátair an AE sa reifreann atá beartaithe.


31 Eanáir 2012

D'áitigh Gluaiseacht an Phobail i bpreasráiteas go bhfuil lucht adhartha an AE fágtha gan seift ó thaobh polasaithe de agus gur cuma leo anois cad a tharlóidh don tír amach anseo.


22 Eanáir 2012

Cháin preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail cinneadh an rialtais chun banna neamhurraithe de €1,250,000,000 a aisíoc ar a luach iomlán, cé go bhfuil an banc a d'eisigh é á leachtú.


20 Eanáir 2012

'Is í an déine airgeadais focal faire an Aontais Eorpaigh' - féach preasráiteas a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail, an 20 Eanáir 2012.


5 Eanáir 2012

Thug preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail le fios go gcuirfeadh an 'comhaontú fioscach' atá á mholadh go mór le cumas na n-eactrannach cur isteach a dhéanamh ar bhuiséid, ar chóras cánach agus ar chaiteachas poiblí an stáit in Éirinn.


22 Nollaig 2011

Mhínigh preasráiteas a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail gurb ionann an iasacht ollmhór de €489 a bhronn an Banc Ceannais Eorpach ar an gcóras baincéireachta agus aistriú eile cumhachta ó cheannairí polaitiúla a toghadh go dtí baincéirí nár thogh aon duine riamh.


15 Nollaig 2011

Mhínigh preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail gur drochthuar é iompar an rialtais don tslí a gcaithfidh siad leis an daonlathas agus leis an mbunreacht sa chonradh idir-rialtasach atá le teacht.


6 Nollaig 2011

Eisíodh preasráiteas faoin mbuiséad a d'áitigh gur mithid fáil réidh leis an euro agus éirí as airgead maith a chur amú ar chóras baincéireachta a chlis orainn.


23 Meán Fómhair 2011

D'eisigh Gluaiseacht an Phobail preasráiteas faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an gciste buan atá á mholadh do limistéar an euro. Tá sé le fáil anseo. Tá preasráiteas i nGaeilge ar an ábhar céanna le fail anseo.


22 Meán Fómhair 2011

Tá sé bhall is fiche den Oireachtas agus ball amháin de Pharlaimint na hEorpa ag tacú le héileamh Ghluaiseacht an Phobail go mbeadh reifreann ann i dtaobh an mholta go mbunófaí ciste buan do limistéar an euro. Tá preasráiteas a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail agus litir na bhfeisirí le léamh anseo.


13 Iúil 2011

Ní 'leasú' ar an gComhbheartas Iascaigh iad na moltaí is déanaí ón mBruiséil. Níl sa Chomhbheartas Iascaigh ach cogadh eacnamaíochta a bhfuil slad déanta aige ar Éirinn ó thaobh na fostaíochta agus ó thaobh chaomhnú na n-iasc de. Tá preasráiteas a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail ar an gceist le léamh anseo.


23 Meitheamh 2011

D'fhoilsigh Gluaiseacht an Phobail tuarascáil dar teideal The European Stability Mechanism and the case for an Irish Referendum agus eisíodh preasráiteas ar an ócáid.


6 Nollaig 2010

Rinne Gluaiseacht an Phobail agóid i gcoinne an bhuiséid i mBaile Átha Cliath, an 6 Nollaig, agus tá an preasráiteas a eisíodh ar an ócáid le léamh anseo.


9 Samhain 2010

D'eagraigh Gluaiseacht an Phobail picéad i mBaile Átha Cliath agus eisíodh preasráiteas nuair a thug an Coimisinéir Olli Rehn cuairt ar Éirinn chun iniúchadh a dhéanamh ar ullmhúcháin an rialtais don bhuiséad atá romhainn.


3 Samhain 2010

Rinne baill de Ghluaiseacht an Phobail agóid lasmuigh de chomhdháil do phríomhfheidhmeannaigh a d'eagraigh IBEC. Tá preasráiteas a eisíodh ar an ócáid le léamh anseo.


1 Deireadh Fómhair 2010

Tá preasráiteas a eisíodh bliain go díreach tar éis an dara reifreann ar Chonradh Liospóin le léamh anseo.


16 Meán Fómhair 2010

Agus cruinniú mullaigh den Aontas Eorpach ar siúl sa Bhruiséil chun naisc níos dlúithe idir an tAontas agus NATO a phlé, d'iarr Gluaiseacht an Phobail ar an rialtas seasamh na hÉireann ar an gceist a mhíniú i dtéarmaí soiléire sothuigthe. Tá an ráiteas le léamh anseo.


17 Meitheamh 2010

Tá preasráiteas faoi léirsiú a d'eagraigh Gluaiseacht an Phobail ag oifig an Choimisiúin Eorpaigh le léamh anseo.


14 Meitheamh 2010

Tá preasráiteas faoi léirsiú a d'eagraigh craobh na Gaillimhe de Ghluaiseacht an Phobail le léamh anseo.


15 Bealtaine 2010

B'fhéidir gurb é an ghné is scanrúla den chonspóid a tharla idir Fianna Fáil agus Fine Gael le déanaí maidir le comhordú na bpolasaithe eacnamaíocha náisiúnta i limistéar an euro ná an
t-aineolas a léirigh an dá pháirtí mar gheall ar Chonradh Liospóin. Tá ráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail le léamh anseo.


5 Bealtaine 2010

Cháin Gluaiseacht an Phobail cinneadh na Dála gan fo-thoghchán a ghairm i nDún na nGall Thiar-Theas. D'iarr an Ghluaiseacht go ndéanfaí leasú ar an mbunreacht le cinntiú go líonfaí folúntais sa Dáil laistigh d'achar áirithe. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.


24 Feabhra 2010

D'fhiafraigh cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, an iar-fheisire Eorpach Patricia McKenna, cé a bheadh ina ionadaí thar ceann na hÉireann ag cruinniú d'airí cosanta an AE - áit a bpléifear an Comhbheartas Slandála agus Cosanta a bhunaigh Conradh Liospóin. Gheofar an ráiteas iomlán anseo.


18 Feabhra 2010

D'áitigh Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, go raibh imeacht Willie O'Dea óna phost mar aire cosanta 'suarach mall' agus gur léirigh iompar an rialtais drochmheas ar phriosabal na heitice sa saol poiblí. Féach an ráiteas iomlán uaithi anseo.


2 Feabhra 2010


Cé na Cille Móire, Co. Loch Garman.

Áitíonn ráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail nach bhfuil éinne de na boic mhóra sa Bhruiséil sásta machnamh a dhéanamh go fiú ar an saghas leasú ó bhonn a theastaíonn ón gComhbheartas Iascaigh sa phráinn ina bhfuilimid. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.


29 Eanáir 2010

Tá cinneadh na bhfeisirí Eorpacha chun méadú de €1,500 sa mhí a dhéanamh ar na liúntais mhóra atá acu 'scannalach' dar le Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail. Tá an ráiteas iomlán uaithi le léamh anseo.


27 Eanáir 2010

Chuir Gluaiseacht an Phobail fáilte roimh an mbreith a thug coiste gearán Údarás Craolacháin na hÉireann go raibh clár faoi Chonradh Liospóin a craoladh ar Newstalk 'leataobhach agus mí-chothrom'. Tá an preasráiteas iomlán le léamh anseo.


21 Eanáir 2010

D'éiligh cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, Patricia McKenna, go bhféadfadh an ceithre ambasáid is caoga de chuid an AE a bunaíodh le déanaí dochar a dhéanamh d'íomhá idirnáisiúnta na hÉireann mar stát neamhspleách. Tá an preasráiteas iomlán le léamh anseo.


20 Eanáir 2010


Bhí an scéala againne a chéaduair!

Thug cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, Patricia McKenna, foláireamh go bhfuil seans nach beag ann anois go ngearrfar cánacha díreacha ón Eoraip nó tá níos mó polaiteoirí ag tacú leis an mbeartas. Tá preasráiteas ar an ábhar le léamh anseo.


9 Nollaig 2009

Tá preasráiteas a eisíodh ar lá an bhuiséid le léamh anseo.


1 Nollaig 2009

Tá preasráiteas a eisíodh an 1 Nollaig 2009, an lá ar tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, le léamh anseo.


20 Samhain 2009


Ní cúis ceiliúrtha ar bith dúinn é go dtagann an té a ceapadh mar uachtarán buan ar an gComhairle Eorpach don chéad uair - príomh-aire na Beilge, Herman Van Rompuy - ó cheann de na ballstáit bheaga, dar le Patricia Mckenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail. Is féidir an ráiteas iomlán uaithi a léamh anseo.


5 Deireadh Fómhair 2009

Dar le Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, léiríonn na fógraí scortha a thug Intel d'oibrithe gan aon mhoill i ndiaidh an reifrinn ar Chonradh Liospóin 'drochbhéasa as cuimse i leith oibrithe in Intel a chaith vótaí go lánmhuiníneach ar son Chonradh Liospóin Dé hAoine seo caite'. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.


3 Deireadh Fómhair 2009

Ina ráiteas ar thoradh an dara reifreann ar Chonradh Liospóin, d'áitigh Gluaiseacht an Phobail nár léirigh 'Tá' an phobail 'tacaíocht do Chonradh Liospóin ná don Eoraip nua a chuirfidh sé ar bun, ach don téarnamh eacnamaíoch, don fhostaíocht, agus don tsocracht'.

Dar leis an nGluaiseacht, is léir ó thoradh an reifrinn go bhfuil gá le 'fórsaí nua polaitiúla nach bhfuil smál na caimiléireachta, na sainte, ná idé-eolaíocht na cumhachta-ar-son-na-cumhachta orthu'. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.


30 Meán Fómhair 2009

Chuir Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, i leith cheannaire an Chomhaontais Ghlais, John Gormley, go raibh sé ag baint mí-úsáide as a phost mar aire comhshaoil chun móramh ar son Chonradh Liospóin a fháil. Tá preasráiteas ar an ábhar le léamh anseo.


29 Meán Fómhair 2009

'Níil sa tuairim go bhfuil comhlachtaí trasnáisiúnta ag iarraidh ár mBunreacht a athrú ar chúis dhaonnachtúil éigin a bhaineann le cruthú postanna ach seafóid ghlan' - b'shin adúirt Joe Noonan, aturnae, ag labhairt dó ag preasagallamh i mBaile Átha Cliath a d'eagraigh dlíodóirí atá i gcoinne Chonradh Liospóin. Tá preasráiteas le fáil anseo agus tá tuairisc le Joe Noonan ar an leasú Bunreachta le léamh anseo.


29 Meán Fómhair 2009


Comhaltaí mór le rá d'Fhianna Fáil.

Rinneadh gearán oifigiúil leis na Gardaí nuair a tugadh faoi deara go raibh duine de chomhairleoirí Fhianna Fáil ag iarraidh póstaeir a bhí crochta ag Gluaiseacht an Phobail i Ros Mhic Thriúin a bhaint anuas oíche Dé Luain. Tá ráiteas a d'eisigh réigiún an oirdheiscirt den Ghluaiseacht le fáil anseo.


27-28 Meán Fómhair 2009

D'áitigh Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, gur bhain an Coimisiún Eorpach úsáid mhídhleathach as airgead íocóirí cánach na hEorpa nuair a d'íoc sé as forlíonadh bolscaireachta 16-leathanach a foilsíodh ar nuachtáin Domhnaigh an lae inniu - rud a sháraigh dlí na hÉireann maidir le reifrinn chomh maith. Tá an ráiteas le léamh ina iomláine anseo.

Tá litir dlíodóra curtha go dtí an Coimisiún Eorpach thar ceann Patricia McKenna á rá go dtabharfar cás dlí ar an gCoimisiún má leanann sé ar aghaidh leis an bhfeachtas bolscaireachta ar son Chonradh Liospóin. Féach an preasráiteas anseo.


27 Meán Fómhair 2009

Dúirt Frank Keoghan, rúnaí Ghluaiseacht an Phobail, gurb é atá sa mholadh a rinne ceannairí na n-ollscoileanna go dtacódh daoine le Conradh Liospóin sa reifreann ná 'masla frith-intleachtúil agus fimíneach dá gcuid macléinn, dá bhfoirne, agus do na vótóirí i gcoitinne'. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.


24 Meán Fómhair 2009

Cháin Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, an tairisicnt atá déanta ag feidhmeannaigh de chuid an AE sa Bhruiséil eitilí saor in aisce a thabhairt dóibhsean a bheadh sásta teacht go hÉirinn chun obair ar son lucht 'Tá' sna laethanta roimh an reifreann. Léigh an ráiteas iomlán anseo.


24 Meán Fómhair 2009

Sheol an t-údar aitheanta Tomás Mac Síomóin bileog i nGaeilge ar Chonradh Liospóin, bileog a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail, ag ócáid i mBaile Átha Cliath. Tá preasráiteas le léamh anseo.


23 Meán Fómhair 2009

D'áitigh an iarfheisire Eorpach Patricia McKenna go bhfuil 'cur i gcéill agus easpa suime an AE maidir le postanna in Éirinn' le brath ar chinneadh an Choimisiúin deontas de €54.5 ó rialtas na Polainne a cheadú chun cabhrú le haistriú mhonarcha Dell ó Luimneach - cé go bhfuiltear ag impí ar vótóirí tacú le Conradh Liospóin chun postanna in Éirinn a chaomhnú. Léigh an ráiteas iomlán anseo.


20 Meán Fómhair 2009

Mhol Kevin McCorry, rúnaí Ghluaiseacht an Phobail san oirdheisceart, do vótóirí an leasú bunreachta a chuirfear faoina mbráid a léamh - go háirithe an ráiteas go ndearbhaíonn Éire 'a tiomantas i leith an Aontais Eorpaigh' - rud nach bhfuil déanta ag aon bhallstát eile. Léigh an ráiteas iomlán anseo.


19 Meán Fómhair 2009

Thug Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, 'cleas tráthúil' ar an bhfógairt a rinne José Manuel Barroso go mbeadh pacáiste cabhrach ón Aontas Eorpach ag dul d'iar-oibrithe an chomhlachta Dell. Dúirt sí go raibh 'cur isteach thar na bearta agus thar an dlí sa díospóireacht reifrinn in Éirinn' ar siúl ag Coimisiún an Aontais. Tá an ráiteas iomlán le fáil anseo.


17 Meán Fómhair 2009

Chuir Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, fáilte roimh eagarfhocal ar an Wall Street Journal inar scríobhadh go bhfuil 'seafóid fhollasach' á spalpadh ag lucht tacaíochta Chonradh Liospóin agus 'nach cúis imní ar bith d'Éirinn é an toradh a bheadh ar vóta i gcoinne Chonradh Liospóin. Tá an ráiteas iomlán le fáil anseo.


17 Meán Fómhair 2009

Ag labhairt dó ag cruinniú poiblí i Sligeach, mhínigh Frank Keoghan, rúnaí Ghluaiseacht an Phobail, nach n-athróidh na 'barántais' a bhain an rialtas le dua mór agus a bhfuil feidhm dlí acu - más fíor - oiread is mír bheag amháin i gConradh Liospóin. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.


15 Meán Fómhair 2009

D'fhiafraigh réigiún an Oirdheiscirt de Ghluaiseacht an Phobail arbh fhiú coimisinéir 'Éireannach' a bheith ann nuair nach mbeadh sé de cheart ag rialtas na hÉireann faoi fhorálacha Chonradh Liospóin ach 'moltaí' a dhéanamh maidir leis an té a cheapfaí. Léigh an ráiteas ina iomláine anseo.


15 Meán Fómhair 2009

Tá an geall a thug Fhine Gael go dtabharfaí dlí isteach chun cearta na gceardchumannaithe a chosaint dá nglacfaí le Conradh Liospóin cáinte ag Frank Keoghan, rúnaí Ghluaiseacht an Phobail, a dúirt nach bhfuil ann ach iarracht shoiniciúil chun vóta a cheannach. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.


13 Meán Fómhair 2009

D'áitigh Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, go bhfuil baint idir torthaí na pobalbhreithe a dhein Red C agus an claonadh i bhfábhar Chonradh Liospóin a léirítear sna meáin chumarsáide. Tá an ráiteas le léamh ina iomláine anseo.


13 Meán Fómhair 2009

Chuir Kevin McCorry, rúnaí réigiún an oirdheiscirt de Ghluaiseacht an Phobail, amhras i dtorthaí na pobalbhreithe is déanaí de chuid Red C. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.


11 Meán Fómhair 2009

Tar éis do Margot Wallstrom, leas-uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh teacht go hÉirinn, d'éiligh Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, go bhfanfadh an Coimisiún glan ar an bhfeachtas reifrinn abhus. Tá an téacs iomlán le léamh anseo.


10 Meán Fómhair 2009

Bhréagnaigh Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, Eamon Gilmore a dúirt in agallamh ar an gclár 'Morning Ireland' ar raidió RTÉ gur athraigh an scéal tar éis an reifrinn anuraidh agus go gcoinneodh Éire 'an ceart chun coimisinéir a cheapadh' de réir fhorálacha Chonradh Liospóin. Féach an ráiteas iomlán anseo.


9 Meán Fómhair 2009

Ag labhairt di ag preasagallamh i mBaile Átha Cliath, dúirt Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, go bhfuil an leabhrán ar Chonradh Liospóin a d'fhoilsigh an Coimisiún Reifrinn agus an bhileog a chuir an Roinn Gnóthaí Eachracha amach - foilseacháin ar íoc an cáiníocóir astu - thar a bheith leataobhach maidir leis an gConradh. Féach an ráiteas iomlán anseo.


9 Meán Fómhair 2009

Tá preasráiteas curtha amach ag Gluaiseacht an Phobail a thacaíonn le Micheál Martin nuair adeir sé nach gcuirfidh Conradh Liospóin arm Eorpach ar bun - toisc go bhfuil a leithéid d'fhórsa ann cheana féin i ndáiríre. Féach an preasráiteas iomlán anseo.


8 Meán Fómhair 2009

D'áitigh Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, go bhfuil an tAire Micheál Martin 'ag breith ar shop' agus é ag iarraidh a thabhairt le fios go bhfuil feidhm dlí ag na 'barántais' mar dhea - cé nár cuireadh aon phrótacal breise le Conradh Liospóin. Féach an ráiteas iomlán anseo.


8 Meán Fómhair 2009

Tá preasráiteas eisithe ag Craobh an Oirdheiscirt de Ghluaiseacht an Phobail a chaitheann amhras ar bhunús daonlathach an dara reifreann ar Chonradh Liospóin - reifreann nach bhfuil ann ach iarracht chun an bhreith a thug móramh de 53.4% i mí an Mheithimh anuraidh a chur ar ceal. Féach an preasráiteas iomlán anseo.


4 Meán Fómhair 2009

Dar le Gluaiseacht an Phobail, tá feachtas eolais (mar dhea) ar an Aontas Eorpach atá beartaithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha 'mí-oiriúnach ar fad' agus an reifreann ar Chonradh Liospóin ar siúl. Féach an preasráiteas iomlán anseo.


4 Meán Fómhair 2009

Is cúis díomá do Ghluaiseacht an Phobail é an cinneadh a rinne SIPTU tacú le Conradh Liospóin, ach tugtar faoi deara go bhfuil mórán ábhar imní léirithe sa ráiteas 'tacaíochta' a d'eisigh an ceardchumann. Féach an preasráiteas iomlán anseo.


2 Meán Fómhair 2009

Mar fhreagra ar ráiteas ó Blair Horan thar ceann 'Charter', grúpa a thacaíonn le Conradh Liospóin, d'áitigh rúnaí Ghluaiseacht an Phobail, Frank Keoghan, go bhfuil an Eoraip Shóisialta 'san úir le fada' agus gur ar son an mhargaidh seachas ar son na n-oibrithe a bhíonn an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach ag rialú anois. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.


1 Meán Fómhair 2009

Chuir Gluaiseacht an Phobail tús foirmeálta lena feachtas sa reifreann ar Chonradh Liospóin ag preasagallamh i mBaile Átha Cliath, an 1 Meán Fómhair. Ar na daoine a labhair bhí: Patricia McKenna, cathaoirleach na gluaiseachta; an Comhairleoir Catherine Connolly agus Robert Ballagh, beirt de phátrúin na gluaiseachta; agus Jens Peter Bonde, iar-fheisire Eorpach ón Danmhairg. Tá cóip den preasráiteas a eisíodh le fáil anseo.


28 Lúnasa 2009

Tá an leabhrán a d'eisigh an Coimisiún Reifrinn ar Chonradh Liospóin cáinte go géar ag cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, Patricia McKenna - féach an preasráiteas anseo.


22 Iúil 2009

Ag labhairt di ag scoil samhraidh Patrick MacGill, dúirt Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, go bhfuil lucht tacaíochta Chonradh Liospóin ag cur imní ar dhaoine go mímhacánta nuair a thugann siad le fios go bhfuil baint bheag éigin idir fadhbanna na heacnamaíochta agus toradh an reifrinn ar an gConradh. Féach an ráiteas iomlán anseo.


18 Iúil 2009

D'áitigh Patricia McKenna, iar-fheisire Eorpach de chuid an Chomhaontais Ghlais, go gcuideoidh cinneadh an pháirtí tacaíocht a thabhairt do Chonradh Liospóin leosan atá ag cur i gcoinne an Chonartha. Tá an an ráiteas iomlán le léamh anseo.


8 Iúil 2009

Shéan Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, éileamh an rialtais gur chuireadar iallach ar bhallstáit eile an AE aird a thabhairt ar imní vótóirí na hÉireann faoi Chonradh Liospóin. Léigh an ráiteas iomlán anseo.


7 Iúil 2009

Tá Micheál Martin ag mí-úsáid airgead an cháiníocóra agus cártaí poist a mhíníonn na 'barántais dlí', mar dhea, a fuarthas i dtaobh Chonradh Liospóin á seoladh aige chuig gach teaghlach sa stát, dar le Patricia McKenna. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.


19 Meitheamh 2009

D'áitigh cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, Patricia McKenna, nár chuir na 'barántais dlí' nua maidir le Conradh Liospóin athrú ar bith ar an gConradh féin: níl iontu ach na gealltanais chéanna a thug ceannairí rialtais an Aontais Eorpaigh nuair a bhí an chéad reifreann ar siúl in Éirinn anuraidh. Tá an ráiteas iomlán uaithi le léamh anseo.


16 Meitheamh 2009

Níl sna 'barántais dlí' (mar dhea) atá á lua le Conradh Liospóin ach cleasaíocht agus cur i gcéill a ceapadh d'aonghnó chun dallamullóg a chur ar an bpobal, dar le Patricia McKenna, iar-fheisire Eorpach agus cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail. Tá an ráiteas iomlán uaithi le léamh anseo.


2 Aibreán 2009

Léirigh Patricia McKenna imní faoi thuairisc a d'eisigh Comhchoiste an Oireachtais ar an mBunreacht inar moladh leasú ar na dlíthe craolacháin chun deireadh a chur leis an riachtanas atá ann go dtabharfaí éisteacht chothrom don dá thaobh i bhfeachtas reifrinn. Tá preasráiteas uaithi le léamh anseo. [2 Aibreán 2009]


3 Márta 2009

Chuir Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, fáilte roimh an moladh a rinne ceannaire an Chomhaontais Ghlais, John Gormley, go dtarraingeodh Éire amach as an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint. Tá preasráiteas le léamh anseo. [3 Márta 2009]


26 Feabhra 2009

Tá fianaise curtha ar fáil i dtuarascáil nua a d'eisigh an Campaign Against the EU Constitution go raibh tuairisciú RTÉ ar an reifreann i dtaobh Chonradh Liospóin míchothrom i rith tréimhse 23 seachtaine roimh lá an vótála. Tá preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail le léamh anseo. [26 Feabhra 2009]


11 Feabhra 2009

Is cosúla ná riamh go mbeidh reifreann ar Chonradh Liospóin sa Ghearmáin - féach an preasráiteas a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail. [11 Feabhra 2009].


28 Eanáir 2009

Tá tuisle eile bainte as Conradh Liospóin agus an dara cás dlí tógtha ina choinne i gcúirt bhunreachta na Gearmáine. Táthar ag tuar go n-éistfear an cás nua go luath i mí Feabhra ach ceaptar nach mbeidh an Ghearmáin in ann an Conradh a dhaingniú go ceann roinnt mhaith míonna de bharr an cháis. Tá preasráiteas le fáil anseo. [28 Eanáir 2009]


23 Eanáir 2009

Mar thoradh ar an sléacht a d'imir Iosrael ar na céadta sibhialtach Palaistíneach i rith an ionsaí ar Gaza le déanaí, d'éiligh Gluaiseacht an Phobail go scarfadh rialtas na hÉireann leis an tacaíocht chiúin a thugann an tAE d'Iosrael, agus go gcuirfí baghcat, dí-infheistiú agus smachtbhannaí i bhfeidhm ar an stát sin mar a rinneadh i gcás Afraic Theas na cinedheilghilte. Tá an preasráiteas le léamh anseo. [23 Eanáir 2009]


2 Eanáir 2009


Tony Gregory TD nach maireann.

Is mór an méala do Ghluaiseacht an Phobail é bás Tony Gregory TD a bhí ar dhuine de phátrúin na Gluaiseachta. Cuirimid ár gcomhbhrón in iúl dá mhuintir agus dá chairde uile. Tá preasráiteas le léamh anseo. [2 Eanáir 2009]


Is mór an méala do Ghluaiseacht an Phobail é bás Tony Gregory TD a bhí ar dhuine de phátrúin na Gluaiseachta. Cuirimid ár gcomhbhrón in iúl dá mhuintir agus dá chairde uile. Tá preasráiteas le léamh anseo. [2 Eanáir 2009]


11 Nollaig 2008

Ag labhairt dó ag picéad a chuir Gluaiseacht an Phobail ar oifigí Choimisiún na hEorpa agus cruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh ar siúl sa Bhruiséil, an 11ú Nollaig, d'áitigh rúnaí na gluaiseachta, Frank Keoghan, gur léir go bhfuil riail amháin ann do na ballstáit is mó agus riail eile do na cinn bheaga. D'iarr sé ar phobal na hÉireann an daonlathas a chosaint ar bhulaíocht uachtaráin an AE in ainneoin an fhill a d'imir a rialtas féin orthu. Tá an preasráiteas le léamh anseo. [11 Nollaig 2008]


25 Samhain 2008

Dúirt Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, gur 'ábhar mór imní d'éinne ar daonlathaí ceart é' an t-uisce faoi thalamh atá ar bun faoi láthair in Éirinn agus ar an mór-roinn chun Conradh Liospóin a dhaingniú agus an bhreith a thug pobal na hÉireann i reifreann mhí an Mheithimh a chur ar ceal. Tá an preasráiteas le léamh anseo. [25 Samhain 2008]


17 Samhain 2008

Agus í ag trácht ar phobalbhreith a foilsíodh ar an Irish Times ar maidin, thug cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, Patricia McKenna, foláireamh go n-úsáidfear dearbhuithe faoi chúrsaí cánach, faoin nginmhilleadh agus faoin neodracht le cur ina luí ar an bpobal go mbeidh athruithe bunúsacha déanta ar Chonradh Liospóin sula vótálfaidh siad sa chéad reifreann eile. Tá an preasráiteas le léamh anseo. [17 Samhain 2008]


8 Deireadh Fómhair 2008

Bunaíodh craobh de Ghluaiseacht an Phobail le freastal ar thuaisceart Chontae Chill Dara ag cruinniú poiblí a tionóladh sa Glenroyal Hotel, an 8 Deireadh Fómhair. Tá preasráiteas a d'eisigh an chraobh nua tar éis an chruinnithe le léamh anseo.


25 Lúnasa 2008

Dar le Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, tugann ráiteas ó Dick Roche inar éiligh sé go mbeidh gá le reifreann eile ar Chonradh Liospóin an léiriú is fearr fós ar chur chuige an rialtais maidir le conradh ar dhiúltaigh na vótóirí dó níos luaithe i mbliana. Tá preasráiteas ar an ábhar le léamh anseo.


5 Lúnasa 2008

Bhunaigh baill de Ghluaiseacht an Phobail i lár na tíre coiste réigiúnach ag cruinniú sa Mhuileann gCearr ar an Máirt, an 5 Lúnasa. Is iad na hoifigigh a toghadh Mags Glennon (cathaoirleach), June Kelly (rúnaí) agus Joe Reynolds (cisteoir). Tá preasráiteas ina dtugtar sonraí teagmhála an choiste nua le léamh anseo.


27 Iúil 2008

D'áitigh cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, Patricia McKenna, go bhfuil sé rómhall anois d'airí rialtais gothaí na heitice a chur orthu féin agus iad ag gearán ar eachtrannaigh a chuireann ladar i gnóthaí na hÉireann, mar bhíodar féin sásta glacadh le cabhair ó leithéidí Angela Merkel agus José Manuel Barroso roimh an reifreann ar Chonradh Liospóin. Tá an preasráiteas le léamh anseo.


21 Iúil 2008

D'fhreastail Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, ar chruinniú le huachtarán reatha Chomhairle na hEorpa - Nicholas Sarkozy, uachtarán na Fraince - lena chur ar a shúile dó nach mbeidh an dara reifreann ann agus go bhfuil deireadh anois le Conradh Liospóin.

Tá preasráiteas a eisíodh roimh an gcruinniú le léamh anseo agus tá ceann eile a eisíodh tar éis an chruinniú anseo.


17 Iúil 2008

D'áitigh Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail agus iar-fheisire Eorpach de chuid na nGlasach, go bhfuil an rialtas ag diúltú toradh an reifrinn ar Chonradh Liospóin a aithint agus go bhfuiltear ag iarraidh an dream atá i gcoinne an chonartha a chur ina dtost. Tá an preasráiteas le léamh anseo.


19 Meitheamh 2008

Cháin Gluaiseacht an Phobail breith a thug an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach, á rá go dtugann sí tús áite do riachtanais an mhargaidh seachas do chearta na n-oibrithe - claonadh a gcuirfí dlús leis dá nglacfaí leis an gCairt um Chearta Bunúsacha a bhí mar chuid de Chonradh Liospóin. Tá an preasráiteas le léamh anseo.


18 Meitheamh 2008

D'éiligh Gluaiseacht an Phobail go ndéarfadh an Taoiseach, Brian Cowen, go neamhbhalbh le ceannairí an AE ag an gcruiniú atá beartaithe acu gur dhiúltaigh pobal na hÉireann do Chonradh Liospóin agus go mbeadh sé fánach acu leanúint ar aghaidh leis an próiseas daingnithe. Sin mar a tharla nuair a vótáil pobail na Fraince agus na hÍsiltíre i gcoinne an chéad leagan den chonradh. Tá an preasráiteas le léamh anseo.


14 Meitheamh 2008

Thionóil Gluaiseacht an Phobail preasagallamh iar-reifrinn an 14 Meitheamh; ar na cainteoirí bhí Patricia McKenna (cathaoirleach na Gluaiseachta), Frank Keoghan (rúnaí), Joe Noonan agus Robert Ballagh (beirt phátrún).

Leag na cainteoirí béim ar an tábhacht a bhaineann le breith an phobail agus dúradar go bhfuil Conradh Liospóin marbh. Eisíodh preasráiteas atá le léamh anseo.


10 Meitheamh 2008

Thionóil Gluaiseacht an Phobail an preasagallamh deireanach dá feachtas i gcoinne Chonradh Liospóin Dé Máirt, an 1 Meitheamh. An Teachta Dála neamhspleách Tony Gregory a bhí ina chathaoirleach air agus ghlac an Seanadóir David Norris, Finian McGrath TD, an Comhairleoir Bronwen Maher, na hiar-Theachtaí Dála Joe Higgins agus Jerry Cowley, an Comhairleoir Declan Bree, Robert Ballagh agus Patricia McKenna páirt ann. Eisíodh preasráiteas atá le léamh anseo.


9 Meitheamh 2008

Agus scéala cloiste aici go raibh an Coimisiún Reifrinn ag fáil comhairle dlí ó chomhlacht dlíodóirí a chuireann seirbísí ar fáil do ghrúpa atá ag stocaireacht ar son Chonradh Liospóin, dúirt cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, Patricia McKenna, go raibh idir alltacht agus bhuairt uirthi. Féach an preasráiteas anseo.


8 Meitheamh 2008

Tá an tuairim go ndéanfaí dochar do gheilleagar na hÉireann má dhiúltaítear do Chonradh Liospóin bréagnaithe ag Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, agus mhínigh sí go gcoinneoimis cumhachtaí a bheidh riachtanach chun dul i ngleic leis na dushláin eacnamaíochta atá romhainn. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.


5 Meitheamh 2008

Deir Patricia McKenna go léiríonn an pobalbhreith is déanaí san Irish Times nach bhfuil scéalta gan dealramh ná bagairtí ag cur ina luí ar an bpobal gur chóir dóibh glacadh le conradh a dhéanfadh dochar d'Éirinn agus don Eoraip uile. Féach an preasráiteas anseo.


3 Meitheamh 2008

Creideann Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, nach gcuirfidh gealltanais gan bhunús dallamullóg ar fheirmeoirí na hÉireann agus go vótálfaidh siad NÍL ar an 12 Meitheamh. Léigh an preasráiteas anseo.


2 Meitheamh 2008

Thug Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, le fios go léiríonn pobalbhreitheanna príobháideacha go bhfuil drochamhras ag pobal na hÉireann agus nach gcuirfear cluain ná iallach orthu vótáil ar son conradh a bhogfadh an Eoraip i dtreo stáit fheidearálaigh ina mbeadh lucht gnó seachas an pobal i gceannas. Léigh an preasráiteas anseo.


2 Meitheamh 2008

Tá cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, Patrica McKenna, tar éis a rá go gcuirfeadh Conradh Liospóin tionscal na n-arm i lár an aonaigh san AE trí bhonn dlíthiúil a chur faoin nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint. Léigh an preasráiteas anseo.


30 Bealtaine 2008

Thréaslaigh Gluaiseacht an Phobail a gcinneadh le baill SIPTU toisc nár chuir 'féirín' na Cairte um Chearta Bunúsacha púicín orthu. Léigh an preasráiteas anseo.


29 Bealtaine 2008

Tá baill den fheachtas i gcoinne Chonradh Liospóin ag iarraidh go dtabharfaí cuireadh don Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip (ESCE) monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar an bhfeachtas reifrinn in Éirinn. Léigh an preasráiteas anseo.


23 Bealtaine 2008

Chuir Gluaiseacht an Phobail místuaim i leith an choimisinéara Eorpaigh Charlie McCreevy tar éis dó a admháil nár léigh sé Conradh Liospóin agus a rá nach bhfuil súil ar bith aige go léifidh gnáth-vótóirí na hÉireann é ach an oiread. Léigh an preasráiteas anseo.


22 Bealtaine 2008

D'áitigh Gluaiseacht an Phobail go bhfuil an rialtas ar iarraidh moltaí conspóideacha faoi chúrsaí slándála agus cosanta a choinneáil siar ó chlár oibre an AE go mbeidh an reifreann i dtaobh Chonradh Liospóin thart. Léigh an preasráiteas anseo.


18 Bealtaine 2008

Bhagair Patricia McKenna, atá chun tosaigh sa bhfeachtas i gcoinne Chonradh Liospóin, cás dlí ar Choimisiún an AE toisc go bhfuil a ladar á chur isteach aige go míchuí sa bhfeachtas reifrinn in Éirinn. Léigh an preasráiteas anseo.


15 Bealtaine 2008

D'iarr Gluaiseacht an Phobail ar Phroinsias De Rossa, feisire Eorpach do Bhaile Átha Cliath, míniú a thabhairt ar an vóta a chaith sé i gcoinne rúin i bParlaimint na hEorpa a mhol go léireofaí meas ar thoradh an reifrinn in Éirinn. Léigh an preasráiteas anseo.


14 Bealtaine 2008

Chuir Gluaiseacht an Phobail i leith an Choimisúin Reifrinn go bhfuil sé ag loiceadh roimh an dualgas reachtúil atá air míniú a thabhairt don phobal ar ábhar an reifrinn a bheidh ar siúl an 12 Meitheamh. Léigh an preasráiteas anseo.


12 Bealtaine 2008

Cháin Gluaiseacht an Phobail an rabhadh a thug Brian Cowen do na baill d'Fhianna Fáil atá i gcoinne Chonradh Liospóin. Léigh an preasráiteas anseo.


17 Aibreán 2008

Chuir Gluaiseacht an Phobail go láidir ina gcoinne siúd adeir nach gcuirfeadh Conradh Liospóin isteach ar cheart na hÉireann chun rátaí cánach dá cuid féin a shocrú. Léigh an preasráiteas anseo.


16 Aibreán 2008

Tá seasamh frith-núicléach na hÉireann faoi bhagairt agus an tAontas Eorpach ag tacú leis an gcumhacht núicléach mar réiteach ar an athrú aeráide. Léigh an preasráiteas a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail anseo.


14 Aibreán 2008

Tar éis d'Angela Merkel, seansailéir na Gearmáine, a ladar a chur i bhfeachtas an reifrinn abhus, tá Gluaiseacht an Phobail tar éis amhras a chaitheamh ina hiontaobhacht. Léigh preasráiteas na Gluaiseachta anseo.


29 Márta 2008

D'áitigh Gluaiseacht an Phobail go bhfuil moltaí nua conspóideacha ón AE i dtaobh an chórais sláinte curtha ar athló go mbeidh an reifreann ar Chonradh Liospóin thart, ar iarratas an rialtais. Tá preasráiteas a d'eisigh Ghluaiseacht an Phobail le léamh anseo.
Tá cáipéis níos faide ar an gceist thábhachtach seo le fáil anseo.


12 Márta 2008

Tugadh spreagadh mór do lucht an fheachtais i gcoinne Chonradh Liospóin inniu nuair a thacaigh Tony Gregory, teachta neamhspleách atá sa Dáil le fada, lena bhfeachtas. Tá preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail le léamh anseo.


7 Márta 2008

Tá Patricia McKenna, iar-fheisire Eorpach de chuid na nGlasach, tar éis foláireamh a thabhairt don rialtas gan airgead an phobail a úsáid chun vóta ar son Chonradh Liospóin a fháil sa reifreann atá beartaithe. Tá preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail le léamh anseo.


3 Márta 2008

Tacaíonn tuairisc a scríobh an tArdionadaí don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála, Javier Solana, leis an tuairim go bhfuil baint idir an iarracht chun an taobh mhíleata den AE a threisiú agus acmhainní nádúrtha an domhain. Tá preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail le léamh anseo.


1 March 2008

D'fháiltigh Gluaiseacht an Phobail roimh an gcinneadh a rinne cruinniú ceann bliana Fheachtas na hÉireann ar son na Dí-armála Núicléiche go gcuirfeadh an eagraíocht i gcoinne Chonradh Liospóin sa reifreann até le teacht. Féach an preasráiteas anseo.


28 Feabhra 2008

Ag cruinniú den Fhóram Náisiúnta um an Eoraip, d'iarr Patricia McKenna, iar-fheisire Eorpach de chuid an Chomhaontais Ghlais, ar an gCoimisinéir Margot Wallstrom ráiteas a dhéanamh faoi fhógraí ar íoc an Coimisiún astu agus a bhí in éadan dlíthe craoltóireachta na hÉireann. Tá preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail le léamh anseo.


21 Feabhra 2008

D'áitigh Patricia McKenna, iarfheisire Eorpach de chuid an Chomhaontais Ghlais, go bhfuil seasamh an pháirtí maidir le Conradh Liospóin curtha as a riocht ag an Taoiseach. Tá preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail le léamh anseo.


20 Feabhra 2008

Tá drochmheas ar an daonlathas léirithe ag tromlach mór d'fheisirí Pharlaimint na hEorpa (499 i gcoinne 129), an feisire Proinsias De Rossa ina measc, trí dhiúltú do rún a d'iarr go nglacfaí le toradh an reifrinn in Éirinn. Tá preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail le léamh anseo.


14 Feabhra 2008

Ag labhairt di thar ceann Ghluaiseacht an Phobail chuir Patricia McKenna, iar-fheisire Eorpach, i leith an Aire Gnóthaí Eorpacha, Dick Roche, gur léirigh sé drochmheas sotalach ar chearta na vótóirí nuair a dhiúltaigh sé an téacs de Chonradh Liospóin a chur ar fáil saor in aisce dóibhsean a bhfuil sé uathu. Tá preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail le léamh anseo.


8 Feabhra 2008

Tá beart conspóideach a bhainfidh de cheart na n-othar chun cóir leighis a fháil i mballstáit eile den Aontas Eorpach curtha siar ag an gCoimisiún Eorpach go mbeidh an reifreann in Éirinn thart. Tá preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail le léamh anseo.


6 Feabhra 2008

Chuir Patricia McKenna i leith an rialtais go bhfuil sé beartaithe airgid an cháiníocóra a úsáid chun dul i gcion ar dhearcadh an phobail sula nglaofar an reifreann faoi bhunreacht athbhaiste an Aontais Eorpaigh. Tá preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail le léamh anseo.


4 Feabhra 2008

Ag labhairt di ag ócáid sheolta feachtais nua i gcoinne bhunreacht athbhaiste an Aontais Eorpaigh, cháin Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, an Taoiseach toisc gur áitigh sé go bhfuil an lucht freasúra 'as a meabhair agus ag cothú imní'. D'iarr sí air éirí as an maistíneacht. Tá preasráiteas ar an ábhar le fáil anseo.


31 Eanáir 2008

Ag an gcéad seisiún den Fhóram Náisiúnta um an Eoraip i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, an 31 Eanáir, dúirt Patricia McKenna, iar-fheisire Eorpach de chuid an Chomhaontais Ghlais agus ball de Ghluaiseacht an Phobail, go raibh an Fóram ag baint mí-úsáide as airgead cánach trí bholscaireacht chlaonta i dtaobh Chonradh Liospóin a fhoilsiú. Tá preasráiteas ar an ábhar le fáil anseo.


30 Eanáir 2008

Preasráiteas a eisíodh ar ócáid chruinniú phoiblí a d'eagraigh Gluaiseacht an Phobail i Sligeach.


15 Eanáir 2008

Preasráiteas a eisíodh ar ócáid chruinniú phoiblí faoi bhunreacht athbhaiste an Aontais Eorpaigh a reachtáladh i nGaillimh.


13 Nollaig 2007

D'eagraigh Gluaiseacht an Phobail preasagallamh i mBaile Átha Cliath, an 13 Nollaig 2007, ar ócáid sínithe an bhunreachta athbhaiste don Aontas Eorpach i Liospóin. Labhair Robert Ballagh, Kathy Sinnott FPE, Frank Keoghan (Gluaiseacht an Phobail), Patricia McKenna (iar-FPE) agus Finian McGrath TD ag an bpreasagallamh agus eisíodh preasráiteas atá le léamh anseo i leagan amach PDF.

Tá téacs iomlán na hóráide a thug Kathy Sinnott ag an ócáid chéanna le léamh anseo i leagan amach PDF.


Raítis ón gcartlann

4.nbsp;nbsp;nbsp;Ráiteas ar thoradh reifreann na Fraince, 30 Bealtaine 2005 (i mBéarla amháin).

5.nbsp;nbsp;nbsp;Ráiteas ar thoradh reifreann na hÍsiltíre, 1 Meitheamh 2005 (i mBéarla amháin).


Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.