Tá liosta d'imeachtaí na bliana 2011 anseo thíos.


Léirsiú faoin mBuiséad

Gluaiseacht an Phobail
Léirsiú faoin mBuiséad
Ag Dáil Éireann (Sráid Chill Dara) agus ag
oifigí Pharlaimint na hEorpa (Sráid Theach Laighean)
Dé Máirt, 6 Nollaig 2011, 1:00 p.m.


Léirigh na fógraí thuas an rún atá ag Merkel agus ag Sarkozy a gcuid banc a shábháil, is cuma cén praghas a bheidh le híoc ag muintir na hÉireann.


Cuid den slua a ghlac páirt sa léirsiú os comhair Theach Laighean.

Eisíodh preasráiteas faoin mbuiséad a d'áitigh gur mithid fáil réidh leis an euro agus éirí as airgead maith a chur amú ar chóras baincéireachta a chlis orainn.


Baile Átha Cliath - 26 Samhain 2011

Comhairle na gCeardchumann, BÁC
Mórshiúl agus Slógadh faoin mBuiséad
An Gairdín Cuimhneacháin, Cearnóg Pharnell, BÁC 2
Dé Sathairn, 26 Samhain 2011, 12:00 p.m.
Cainteoirí:
Eugene McGlone (Uachtarán Comhdháil na gCeardchumann & Unite)
Lucia Fay (glantóir ospidéil & ball de SIPTU)
Cathleen O’Neill (oibrí comhphobail)
Leanaigí bratacha Ghluaiseacht an Phobail.


Baile Átha Cliath - 15 Deireadh Fómhair 2011

Institiúid na hÉireann
Léacht Raymond Crotty 2011
'Rainseoirí agus Lucht Baincéireachta i nGeilleagar Éireannach na Linne Seo'
Cainteoir: Dr Conor McCabe
Institiúid na hÉireann, 27 Sráid an Phiarsaigh, BÁC 2.
Dé Sathairn, 15 Deireadh Fómhair 2011, 2:30 i.n.


Baile Átha Cliath - 7 agus 8 Deireadh Fómhair 2011

Géarchéim san AE
Comhdháil
Beidh na bealaí ina bhféadfaí flaitheas na hÉireann a athbhunú faoi chaibidil ag comhdháil thábhachtach in Institiúid na hÉireann, 27 Sráid an Phiarsaigh, BÁC 1, Dé hAoine agus Dé Sathairn, 7-8 Deireadh Fómhair 2011. Tá clár na comhdhála le fáil anseo.


Baile Átha Cliath - 16 Iúil 2011

Labhróidh Thomas Pringle TD thar ceann Ghluaiseacht an Phobail.


Baile Átha Cliath - 23 Meitheamh 2011


Lucht an ardáin ag seoladh an phaimfléid nua dar teideal ‘The European Stability Mechanism – The case for an Irish Referendum’ a d'fhoilsigh Gluaiseacht an Phobail. Ó chlé go deas: Thomas Pringle TD, Robert Ballagh, Patricia McKenna, Mary Crotty.


Cuid den slua a d'fhreastail ar phicéad os comhair Theach Laighean chun reifreann a éileamh ar an Meicníocht Eorpach um Chobhsaíocht.

Gluaiseacht an Phobail
Seoladh Tuarascála
Seolfaidh Gluaiseacht an Phobail tuarascáil dar teideal:
‘The European Stability Mechanism – The case for an Irish Referendum’
in Óstán Buswells, Sráid Theach Laighean, BÁC 2.
Déardaoin, 23 Meitheamh 2011, 11:30 a.m.
Picéad
Cuirfear picéad ar Theach Laighean, ag geata Shráid Chill Dara, ó 12:30 go dtí 1:30 chun reifreann a éileamh ar an gceist.


Baile Átha Cliath - 9 Bealtaine 2011


Roinnt den slua a ghlac páirt sa phicéad a chuir Gluaiseacht an Phobail ar shuí speisialta na Dála le haghaidh 'Lá na hEorpa'.


Roinnt de na Teachtaí Dála a thacaigh leis an bpicéad.


Leag Ronan O'Connell agus Mary Crotty bláthfhleasc i gcuimhne dhaonlathas agus flaitheas na hÉireann, nach maireann.

Gluaiseacht an Phobail
Picéad
Cuirfidh Gluaiseacht an Phobail picéad ar an Dáil mar agóid i gcoinne an tsuí speisialta atá beartaithe le haghaidh 'Lá na hEorpa'. Leagfar bláthfhleasc i gcuimhne dhaonlathas agus flaitheas na hÉireann, nach maireann. Fáilte roimh chách.
Teach Laighean, Sráid Chill Dara
Dé Luain, 9 Bealtaine 2011, 12:30-2:00 p.m.


Baile Átha Cliath - 24 Márta 2011


Baile Átha Cliath - 3 Feabhra 2011

Institiúid na hÉireann
Cruinniú Poiblí
Ag ceistiú dearcadh na coitiantachta: Éire san fhaopach
Institiúid na hÉireann, 27 Sráid an Phiarsaigh, BÁC 2.
Déardaoin, 3 Feabhra 2011, 8:00 p.m.
Cathaoirleach: Kevin McCorry (Gluaiseacht an Phobail)
Cainteoirí: Anthony Coughlan (National Platform)
Sinéad Kennedy (Roinn an Bhéarla, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad)


Baile Átha Cliath - 29 Eanáir 2011

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Ginearálta
Ag oifigí UNITE
55-56 Sráid na Mainistreach Láir, BÁC 1
Dé Sathairn, 29 Eanáir 2011, 2:00 p.m.
Cruinniú ginearálta de bhaill agus de lucht tacaíochta Ghluaiseacht an Phobail chun an t-olltoghchán a phlé.


Baile Átha Cliath - 27 Eanáir 2011

Gluaiseacht an Phobail
Agóid
Tá creach déanta orainn: diúltaímis do na fiacha!
Oifig an Choimisiúin Eorpaigh, Sráid Theach Laighean
Déardaoin, 27 Eanáir 2011, 1:00-2:00 p.m.


Baile Átha Cliath - 26 Eanáir 2011

Bloom Movement
Cruinniú Poiblí
Freagra Córa ar Iasachtaí an AE-CAI: Dearcadh Áitiúil agus Idirnáisiúnta
Central Hotel, Sráid an Chiste
Dé Céadaoin, 26 Eanáir 2011, 7:00 p.m.
Cathaoirleach: Nessa Ní Chasaide (Debt and Development Coalition Ireland)
Cainteoirí: Michael Taft (UNITE): The Irish crisis and the EU-IMF intervention
José Antonio Gutierrez (Ionad Dlúthpháirtíochta Mheiriceá Laidinigh): Lessons from Latin America
Andy Storey (Afri): Lessons from the wider world and proposals for Ireland
Siobhan O'Donoghue (Community Platform): Community alternatives


Baile Átha Cliath - 20 Eanáir 2011

Gluaiseacht an Phobail
Agóid
Ná glactar le bille airgeadais ón mBruiséil!
Teach Laighean, Sráid Chill Dara
Déardaoin, 20 Eanáir 2011, 1:00-2:00 p.m.


Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.