Tá liosta d'imeachtaí na bliana 2010 anseo thíos.


Maigh Nuad - 8 Nollaig 2010

Pol/Soc Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad
Cruinniú Poiblí
An tAontas Eorpach: cara nó namhaid
do théarnamh eacnamaíoch na hÉireann?

Foirgneamh John Hume, an Campas Thuaidh, OÉMN
Dé Céadaoin, 8 Nollaig 2010, 6:00 p.m.
Cainteoirí:
Mick O'Reilly, Ceardchomhairle Átha Cliath
Dr Mary Murphy, OÉMN

Tá ráiteas ón gcraobh áitiúil de Ghluaiseacht an Phobail le léamh anseo.


Baile Átha Cliath - 6 Nollaig 2010

Baill de Ghluaiseacht an Phobail lasmuigh d'oifig an Choimisiúin Eorpaigh.

Lucht na hagóide ar a mbealach chuig Teach Laighean.

'Arna dhéanamh sa Bhruiséil, arna phacáistiú in Éirinn' - ár máistrí Eorpacha leis an mbuiséad a ceapadh dúinn.

Rinne Gluaiseacht an Phobail agóid an 6 Nollaig, lá roimh an mbuiséad. Chruinnigh baill os comhair oifigí an Choimisiúin Eorpaigh agus shiúil siad go dtí Teach Laighean, mar ar seachadadh litir le haghaidh Brian Cowen. Tá an preasráiteas an d'eisigh an Ghluaiseacht faoin mbuiséad le léamh anseo.


Baile Átha Cliath - 9 Samhain 2010


Chuir Gluaiseacht an Phobail picéad ar an gCoimisinéir Rehn.

D'eagraigh Gluaiseacht an Phobail picéad i mBaile Átha Cliath agus eisíodh preasráiteas nuair a thug an Coimisinéir Olli Rehn cuairt ar Éirinn chun iniúchadh a dhéanamh ar ullmhúcháin an rialtais don bhuiséad atá romhainn.


Baile Átha Cliath - 3 Samhain 2010



Thuas: postaeir reifrinn a d'eisigh IBEC.
Thíos: baill de Ghluaiseacht an Phobail ag comhdháil IBEC.

Rinne baill de Ghluaiseacht an Phobail agóid lasmuigh de chomhdháil do phríomhfheidhmeannaigh a d'eagraigh IBEC, go moch ar maidin an 3 Samhain 2010 ag Lárionad na gComhdhálacha i mBÁC. Bhí postaeir a raibh 'YES for jobs' orthu a d'eisigh IBEC i rith an reifrinn ar Chonradh Liospóin á n-iompar ag lucht na hagóide, maraon le bratacha móra a d'fhógair 'We want the Lisbon jobs now!'

Tá preasráiteas a eisíodh ar an ócáid le léamh anseo. Féach an bhileog anseo.


Baile Átha Cliath


Thuas: lucht an ardáin ag Léacht Cuimhneacháin Raymond Crotty i mBaile Átha Cliath, an 16 Deireadh Fómhair 2010, nuair a labhair Lars Mjoset ó Ollscoil Oslo ar an téama 'Éire faoi léigear: roghanna radacacha'.

Léacht Cuimhneacháin Raymond Crotty
Éire faoi léigear: roghanna radacacha
Léachtoir: Lars Mjoset, Ollscoil Oslo
Institiúid na hÉireann, 27 Sráid an Phiarsaigh
Dé Sathairn, 16 Deireadh Fómhair 2010, 3:30 p.m.


Cill Chainnigh



In uachtar: Lars Mjoset, Ollscoil Oslo, ag caint ar an téama 'Éire faoi léigear: roghanna radacacha' ag Léacht Cuimhneacháin Raymond Crotty i gCill Chainnigh, an 15 Deireadh Fómhair 2010.
In íochtar: Joe Noonan ag an ócáid chéanna.

Léacht Cuimhneacháin Raymond Crotty
Éire faoi léigear: roghanna radacacha
Léachtóir: Lars Mjoset, Ollscoil Oslo
Teach na mBuitléarach, 16 Sráid Phádraig
Dé hAoine, 15 Deireadh Fómhair 2010, 7:30 p.m.


Baile Átha Cliath


Thuas: Cuid den dream a ghlac páirt in agóid lasmuigh d'oifigí an Choimisiúin Eorpaigh, an 1 Deireadh Fómhair 2010, bliain go díreach tar éis an dara reifreann ar Chonradh Liospóin.

Gluaiseacht an Phobail
Agóid le postaeir
Lá cothrom bliana Liospóin 2
Oifigí an Choimisiúin Eorpaigh, Sráid Theach Laighean
Dé hAoine, 1 Deireadh Fómhair 2010, 1:00-2:00 p.m.
Preas-agallamh: Óstán Buswell, 11:00 a.m.


Baile Átha Cliath

ICTU/ETUC
Lá Agóide ar fud na hEorpa
I gCoinne Ciorraithe!
Teacht le chéile ag Anglo-Irish Bank, Faiche Stiabhna
roimh dhul ar aghaidh go dtí Dáil Éireann
Dé Céadaoin, 29 Meán Fómhair 2010, 12:45 p.m.


Baile Átha Cliath


Thuas: cuid den dream a rinne agóid i gcoinne mhíleatú an Aontais Eorpaigh i mBÁC, an 16 Meán Fómhair 2010.

Gluaiseacht an Phobail
Picéad ag am lóin
Agus cruinniú mullaigh an AE ar siúl sa Bhruiséil:
Diúltaímis do mhíleatú an AE!
Oifig Pharlaimint na hEorpa
Sráid Theach Laighean
Déardaoin, 16 Meán Fómhair 2010, 1:00-2:00 p.m.

Tá preasráiteas le léamh anseo.


Baile Átha Cliath


Thuas: Desmond Greaves, nach maireann.

Scoil Desmond Greaves
22ú Scoil Samhraidh
Seisiúin ar: 'An Íoslainn, an euro agus an AE',
'Géarchéim eacnamaíoch na hÉireann', srl.

Aoine-Domhnach, 10-12 Meán Fómhair
Institiúid na hÉireann
27 Sráid an Phiarsaigh, BÁC 2
Féach an clár iomlán anseo.


Baile Átha Cliath

PANA agus IAWM
Comhdháil
Polasaí eachtrach neamhspleách na hÉireann -
an mairfidh sé?

Aoine-Satharn, 3-4 Méan Fómhair
Club na Múinteoirí
36 Cearnóg Parnell, BÁC 1
Féach an clár iomlán anseo.


Droichead Nua, Co. Chill Dara


Thuas: Cuid den slua a d'fhiafraigh 'Cá bhfuil poist Liospóin anois?' i nDroichead Nua, an 14 Lúnasa 2010.

Gluaiseacht an Phobail
Paráid Postaer
Cá bhfuil poist Liospóin anois?
Paráid le postaeir na bpáirtithe a bhí ar son Chonradh Liospóin
Dé Sathairn, 14 Lúnasa 2010, 2:00 p.m.
Ionad cruinnithe: Oifig an Phoist
Éilímis na poist a gealladh dúinn dá nglacfaí leis an gConradh!
Beidh fáilte roimh chách.


An Muileann gCearr

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Éigeandáil! An bhfuil géarchéim sa tseirbhís sláinte?
Dé Máirt, 22 Meitheamh 2010, 8:00 p.m.
Óstán Greville Arms, An Muileann gCearr
Mar atá in Éirinn: Marie O’Connor, iriseoir agus údar 'EMERGENCY: Irish hospitals in chaos'
Mar a bheidh san Aontas Eorpach: Mary Crotty, Coiste Náisiúnta Ghluaiseacht an Phobail.


Baile Átha Cliath

Gluaiseacht an Phobail
Agóid ag Am Lóin
Dé hAoine, 18 Meitheamh 2010, 1:00-2:00 p.m.
Oifig an Choimisiúin Eorpaigh, Sráid Theach Laighean, BÁC 2.

D'eagraigh Gluaiseacht an Phobail agóid lasmuigh d'oifigh an Choimisiúin Eorpaigh i mBaile Átha Cliath, Dé hAoine, 18 Meitheamh 2010, mar gheall ar an socrú nua a thabharfaidh cead don Choimisiún buiséad na hÉireann a mheas sula leagfar é os comhair na Dála.

Tá an bhileog le léamh anseo. Tá preasráiteas le léamh anseo.


Gaillimh

Gluaiseacht an Phobail
Léirsiú
Cá bhfuil poist Liospóin anois?
Déardaoin, 17 Meitheamh 2010, 7:30 p.m.
Harbour Hotel, Bóthar na Long, Gaillimh

Bhí craobh na Gaillimhe de Ghluaiseacht an Phobail ag éileamh na bpostanna a gealladh dúinn i rith an reifrinn ar Chonradh Liospóin lasmuigh de chruinniú a d'eagraigh Pairtí an Lucht Oibre ar chúrsaí fostaíochta, an 17 Meitheamh. Tá preasráiteas le léamh anseo.

Tá preasráiteas le léamh anseo.


An Droichead Nua


Mary Crotty (ar chlé) agus Marie O'Connor.

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Éigeandáil! An bhfuil géarchéim sa tseirbhís sláinte?
Dé Céadaoin, 16 Meitheamh 2010, 7:30 p.m.
The Liffey Studio, An tSráid Mhór, An Droichead Nua
(os cionn Johnson's Bar)
Mar atá in Éirinn: Marie O’Connor, iriseoir agus údar 'EMERGENCY: Irish hospitals in chaos'
Mar a bheidh san Aontas Eorpach: Mary Crotty, Coiste Náisiúnta Ghluaiseacht an Phobail.


Baile Átha Cliath

Gluaiseacht an Phobail
Léirsiú
Cá bhfuil poist Liospóin anois?
Dé Sathairn, 12 Meitheamh 2010
Cuirfear tús leis ag Teach Laighean, 12:30
Ceanncheathrú Pháirtí an Lucht Oibre, Plás Ely, 13:00
Ceanncheathrú Fhine Gael, Sráid an Mhóta Uachtarach, 13:30
Ceanncheathrú Fhianna Fáil, Sráid an Mhóta Íochtarach, 14:00
Críoch: 14:30

Tá an póstaer le fáil anseo.


Paráid na bpostaer ag fágáil Theach Laighean.

D'eagraigh Gluaiseacht an Phobail paráid postaer trí lár chathair Átha Cliath, Dé Sathairn an 12ú Meitheamh, dhá bhliain go díreach tar éis an reifrinn inar dhiúltaigh votóirí na hÉireann do Chonradh Liospóin. Agus posteair mhímhacánta reifrinn a gheall go gcruthófaí poist da nglacfaí le Conradh Liospóin á n-iompar acu, dhírigh baill na Gluaiseachta aird an phobail ar cheist atá á cur ag mórán daoine: 'cá bhfuil poist Liospóin anois?' Fágadh litir inar cáineadh polasaithe na bpríomhpháirtithe ag Teach Laighean don Chomhaontas Glas, agus ag oifigí na bpáirtithe eile.


D'fhág Patricia McKenna litir ag oifig an Lucht Oibre.


Bhí bruscar stairiúil le feiceáil in íoslach an Lucht Oibre.


D'fhag Mary Crotty litir ag oifig Fhine Gael.


D'fhág Kevin McCorry litir ag oifig Fhianna Fáil.

Tá téacs na litreach a chuireamar chuig na polaiteoirí le léamh anseo.


Baile Átha Cliath

Institiúid na hÉireann
Cruinniú Poiblí
'Polasaí trádála an AE agus a thorthaí
i dtíortha dheisceart an domhain'

Lárionad an Phiarsaigh, 27 Sráid an Phiarsaigh, BÁC 2.
Déardaoin, 29 Aibreán 2010, 8:00 p.m.
Cainteoir: Fleachta Phelan (Oifigeach feachtas agus polasaithe, Comhlámh).


Baile Átha Cliath

Institiúid na hÉireann
Cruinniú Poiblí
'An tAontas Eorpach'
Lárionad an Phiarsaigh, 27 Sráid an Phiarsaigh, BÁC 2.
Déardaoin, 22 Aibreán 2010, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Kevin McCorry (Gluaiseacht an Phobail),
Roger Cole (Comhaontas na Síochána & na Neodrachta).




Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.