Beidh ábhar a bhaineann leis an reifreann a bheidh ar siúl an 31 Bealtaine 2012 le fáil anseo thíos.


Thomas Pringle sa tSualainnn


Björn Elmbrant agus Thomas Pringle

Thug duine de phátrúin Ghluaiseacht an Phobail, Thomas Pringle TD, cuairt ar an tSualainn ón 8 Feabhra go dtí an 10 Feabhra ar chuireadh ó Ghluaiseacht an Phobail sa tír sin. Nuair a bhí sé thall, labhair sé le ceannairí de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta agus an Pháirtí Chlé, páirtithe den fhreasúra. Faoi láthair, tá an dá pháirtí ag scrúdú rúin atá ag comhrialtais na heite deise (Alliansen) Conradh Buan-ghátair an AE a shíniú.

Ina theannta sin, labhair Thomas ag cruinniú spleodrach de dhíograiseoirí i dtigh an ABF, príomhionad na gceardchumann i Stockholm.

Vótálfaidh parlaimint na Sualainne, an Riksdag, ar an gConradh Buan-ghátair an 9 Márta. Ní bhaineann an tSualainn le limistéar an euro agus níl aon chúis mhaith go síneodh sí an conradh.

Is é an t-aon argóint ata ag an rialtas go bhféadfadh an tSualainn páirt a ghlacadh i gComhairle nua an euro uair sa bhliain dá síneodh sí, cé nach mbeadh aon éifeacht ag forálacha an Chonartha uirthi.

Tá Gluaiseacht an Phobail chun tosaigh i measc na ndreamanna atá ag cur i gcoinne an chonartha.

Shínigh dhá eagras is fiche, idir cheardchumainn agus ghrúpaí sóisialta, an 'Achainí i gCoinne Chonradh na Déine' go dtí seo. Ina measc tá ceardchumainn na leictreoirí, na ndugairí agus na n-oibrithe iompair, in éineacht leis an bPáirtí Clé agus Daonlathaithe Sóisialta a lochtaíonn an AE. Is cosúil go vótálfaidh an Páirtí Clé agus an Páirtí Glas i gcoinne dhaingniú an chonartha. Beidh Daonlathaithe na Sualainne, dream nach
n-oibríonn Gluaiseacht an Phobail leo toisc go gcáineann siad an inimirce ach a bhfuil 10% den phobal ag tacú leo, beidh siad ag vótáil i gcoinne an daingnithe freisin.

Tá cathaoirleach nua, Stefan Löfven, atá báúil don AE ag na Daonlathaithe Shóisialta agus is cosúil go mbeidh siad ag tacú leis an rialtas. Bíodh sin mar atá, bhí cruinniú tairbheach ag Thomas le Lena Sommerstad, atá ina cathaoirleach ar eagras na mban laistigh de na Daonlathaithe Sóisialta. Ina theannta sin, bhuail sé le hard-rúnaí an Pháirtí Chlé, Stellan Hermansson, agus le feisire Eorpach an pháirtí, Mikael Gustafsson.

Bhí Björn Elmbrant, iriseoir agus údar, sa chathaoir ag cruinniú na ndíograiseoirí. Foilsíodh leabhar nua leis dar teideal 'Det som skulle bli så bra' ('Ba chóir dó bheith chomh maith sin') sa bhfómhar anuraidh. Tá cur síos ann ar thorthaí na síor-dhéine atá á héileamh ag an 'Troika' agus míníonn sé comhthéacs polaitiúil an pholasaí seo. Thug sé cuairt ar na tíortha go léir a dtugtar 'PIIGS' orthu nuair a bhí an leabhar á scríobh aige; ní gá a rá go bhfuil caibidil ann ar Éirinn.

Chuir Elmbrant tuairim an lucht éisteachta in iúl nuair a mhol sé Thomas as an misneach a léirigh sé nuair a thug sé cás dlí i gcoinne na Meicníochta Eorpaí um Chobhsaíocht os comhair Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa.


Toradh an reifrinn

Seo é toradh críochnúil an reifrinn ar an gconradh buan-ghatair: 'Tá' 60.3%, 'Níl' 39.7%. Níor chaith ach 50% den phobal vóta, áfach, rud a chiallaíonn nár ghéill ach 30% díobhsan a raibh vóta acu do na bagairtí ón rialtas, ó na páirtithe coimeádacha agus ón AE.

Ba shuarach agus ba dhrogallach an móramh é - ceann a bhí bunaithe ar an eagla seachas ar an dóchas. Dé réir a chéil, tá tá gnáthdhaoine ag teacht ar an tuiscint nach mbeidh in 'aontas buandlúite' an AE ach 'smacht buanghéaraithe' le haghaidh na hÉireann agus an mballstát beag eile.

Gabhann Gluaiseacht an Phobail buíochas lena baill agus lena lucht tacaíochta a chaith a gcuid ama agus a gcuid airgid go fial chun tacú lenár bhfeachtas. Ce gur cailleadh cath amháin, leanfaidh an troid ar son fhlaitheas polaitiúil agus eacnamaíoch na hÉireann ar aghaidh: éistfear an cás bunreachtúil a thóg Thomas Pringle i gcoinne an tSásra Cobhsaíochta Eorpach (ESM) san Ard-Chúirt an 19ú Meitheamh.


Kenny agus Noonan in adharca a chéile

D'áitigh Frank Keoghan, urlabhraí Ghluaiseacht an Phobail, go bhfuil an taoiseach agus an t-aire airgeadais ag bréagnú a chéile maidir leis na cistí airgid ar féidir le hÉirinn tarraingt astu. Tá an ráiteas uaidh le léamh anseo.


An preasagallamh deireanach


Orthu siúd a labhair ag an bpreasagallamh deireanach a d'eagraigh Gluaiseacht an Phobail san fheachtas reifrinn bhí (ó chlé go deas) Catherine Murphy TD, Maureen O’Sullivan TD, Robert Ballagh, Patricia McKenna agus Finian McGrath TD

Tá ráiteas a eisíodh tar éis an phreasagallaimh le fáil anseo.


Léargas seachtrach orainn


Cnag ar an íomhá thuas chun leagan níos mó a fheiceáil.

Khalil Bendib a dhear; Corporate Europe Observatory a d'fhoilsigh don chéad uair.


Comhghairdeas ón Danmhairg


Johanne Langdal Kristiansen, ball de Ghluaiseacht an Phobail sa Danmhairg, ag bronnadh na litreach ar ambasadóir na hÉireann

An 25 Bealtaine, bhronn ceithre ghluaiseacht pholaitiúla sa Danmhairg litir ar Brendan Scanell, ambasadóir na hÉireann don tír sin, litir a mhol an reifreann ar Chonradh an Ghátair abhus agus a thug suntas don fhíric gurb í Éire an t-aon tír ina mbeidh cead ag daoine vóta a chaitheamh ar an gconradh.


Vótáil Níl!


An Taoiseach féin ...

... coinníonn sé súil ar fhoilseacháin Ghluaiseacht an Phobail! Tig leat cóip den bhileog a fháil anseo.



Foilseachán don reifreann

Tá an páipear thuas á scaipeadh ag Gluaiseacht an Phobail. Chun do chóip féin a fháil i bhfoirm PDF (890 KB), ní gá ach bualadh anseo.


Comhairle ó cheardchumann

Ceanncheathrú Mandate


Cad tá á cheilt acu?


Patricia Mckenna ag labhairt ag an bpreasagallamh


D'fhreastail 'Ming' Flanagan TD agus Robert Ballagh ar an bpreasagallamh

Ag preasgallamh a tionóladh an 17 Bealtaine, d'eisigh Gluaiseacht an Phobail ráiteas a tharraing aird ar chonradh nár tugadh mórán suntais dó go dtí seo, cé go ndeirtear gur conarthaí 'comhlántacha' iad an conradh seo agus an conradh buan-ghátair.



Na conarthaí mínithe

Tá tráchtaireacht úsáideach ar Chonradh an tSásra Cobhsaíochta Eorpach (ESM) agus ar an gConradh Fioscach a scríobh beirt aturnaetha, Mary Linehan agus Joe Noonan, le léamh anois ar an suíomh dar teideal A Tale of Two Treaties.




Foinsí airgid

bileog curtha amach ag Gluaiseacht an Phobail a fhreagraíonn an cheist 'cá bhfaighimid an t-airgead' má vótálaimid i gcoinne an Chonartha Bhuan-ghátair, an 31ú Bealtaine.


Preasráiteas - 15 Nollaig 2011

Mhínigh preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail gur drochthuar é iompar an rialtais don tslí a gcaithfidh siad leis an daonlathas agus leis an mbunreacht sa chonradh idir-rialtasach atá le teacht.


Conradh an ghátair


Teastaíonn do chuid airgid uathu - le haghaidh na mbaincéirí!

Tá Gluaiseacht an Phobail tar éis tráchtaireacht ar an gconradh buan-ghátair atá beartaithe (an 'comhaontú fioscach' mar a ghlaotar air) a fhoilsiú. Sa bhreis ar sin, tá bileog i dtaobh an chonartha curtha ar fáil ag an nGluaiseacht.


For sovereignty, democracy and social justice.