Tá eolas le fáil sna cáipéisí thíos ar sheasamh Ghluaiseacht an Phobail i leith an dréacht-bhunreachta don Aontas Eorpach ar dhiúltaigh vótóirí na Fraince agus na hÍsiltíre dó:


Comparáid idir 'Conradh Liospóin' agus 'Bunreacht an AE'


© Martyn Turner; buail ar an íomhá lena mhéadú.

Déantar comparáid mhion sna cáipéisí thíos idir 'Conradh Liospóin' agus an seanleagan den Bhunreacht ar dhiúltaigh vótóirí na Fraince agus na hÍsiltíre glacadh leis. Tá na noda seo a leanas in úsáid iontu: is ionann na forálacha dubha agus forálacha ón mBunreacht nár athraíodh; bhí na cinn ghorma sa Bhunreacht ach baineadh amach iad nó athraíodh iad; agus na cinn dhearga is forálacha iad a bhí sa Bhunreacht agus a bhfuiltear tar éis cur leo sa Chonradh.


Cáipéisí ón gcartlann

1.   Dhá Argóint Déag i gcoinne Bhunreacht an Aontais Eorpaigh, 27 Márta 2004.

2.   Léirmheas Gonta ar Fhorálacha an Dréacht-Bhunreachta don Eoraip, 2 Iúil 2004 (i mBéarla amháin).

3.   Na cumhachtaí breise a thabharfaidh an Bunreacht do Chomhairle na nAirí, 13 Iúil 2004 (i mBéarla amháin).

4.   An mbeadh ceannas ag dréachtbhunreacht an Aontais Eorpaigh ar Bhunreacht na hÉireann?, 3 Nollaig 2004 (i mBéarla amháin).

5.   An Bunreacht neamh-mharbh. Tá deich réimse ina bhfuil dréacht-bhunreacht an AE á chur i bhfeidhm os íseal pléite i dtuairisc ó Ghluaiseacht an Phobail - cé gur dhiúltaigh vótóirí na Fraince agus na hÍsiltíre dó (leagan amach PDF, i mBéarla amháin), 4 Deireadh Fómhair 2005.

6.   Achoimre ar na reifrinn. Tugann an cháipéis seo achoimre ar an bpróiséas chun dréacht-bhunreacht an AE a dhaingniú sna ballstáit éagsúla (leagan amach PDF), 18 Feabhra 2006.

7.   Tá cuntas croineolaíochta a rianaíonn na príomheachtraí a tharla sa bhfeachtas chun an Bunreacht a chur i bhfeidhm le fáil anseo. [July 2007]

8.   Tá cuntas ar na hathruithe neafaiseacha a cuireadh ar bhunreacht teipthe an Aontas Eorpaigh nuair a bhíothas ag dréachtadh an chonartha nua le léamh anseo. [July 2007]

9.   Sna nótaí léirmhínithe seo ar an 'gConradh Leasaithe' déantar scagadh ar na héagsúlachtaí neafaiseacha agus ar na cosúlachtaí bunúsacha idir leagan 2004 agus leagan 2007 de chonradh bunreachta an Aontais Eorpaigh. [Deireadh Fómhair 2007]


Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.