1.   Is plean é an Dréacht-Bhunreacht d'Aontas Eorpach a bheadh níos lárnaithe, níos mí-chothroime agus níos mí-dhaonlathaí, é i bhfad ó ghnáth-dhaoine agus níos mó faoi smacht uasaicme polaitíuil na mBallstát mór, go háirithe an Ghearmáin agus an Fhrainc.

2.   Go dtí seo, bhí an AE bunaithe ar chonarthaí idir na Ballstáit. Is iad na Ballstáit a bhunaigh é agus ní bheadh sé ann gan iad. An Conradh atá molta chun an Bunreacht a chur i bhfeidhm san Eoraip, bunaíonn sé AE nua dlithiúil, bunreachtúil, tóghta ar a Bhunreacht stáit féin. Deineann sé feidhmeoir idirnáisiúnta neamhspleách den AE, le feidhm dlí, den gcéad uair, ar leithrigh ó na Ballstáit agus os a gcionn, ábalta conarthaí a shocrú le stáit iasachta ar son a chuid Ball. Teastáionn ó shaoránaigh go mbeadh neamhspleáchas polaitíuil ag a dtíortha, agus rialtaisí chun iad a rith, a bheadh freagrach dóibh. Ní theastaíonn uatha a dtíortha a bheith ina réigiúin de stát Eorpach lárnach, go ndeineann coistí lasmuigh den dtír a bpolasaithe a dhréachtadh, .i. Coimisiún na hEorpa, an Chomhairle agus an Chúirt Bhreithiúnais, atá dhá rith ag uasaicme mí-dhaonlathach, ná fuil tofa ag saoránaigh ná faoina gceannas.

3.   Cealaíonn an Conradh chun Bunreacht Eorpach a bhunú na conarthaí eile de chuid an AE, atá ann, ó Chonradh na Róimhe go Conradh Nice, agus cuimsíonn sé a bpríomh-ghnéithe i mBunreacht stáit an AE. Seans maith é seo chun na gnéithe seo a mheá, athshealbhú a dhéanamh ar chumhachtaí ón mBruiséal go dtí na Ballstáit, leigheas a dhéanamh ar chuid de lochtaí an AE: an Comhbheartas Talamhaíochta, an Comhbheartas Iascaigh, Euratom, rialacha agus reachtaí gan teora ón mBruiséal - ach ní dheineann sé é seo.

4.   Nior iarr na daoine san Eoraip an Bunreacht seo. Theip ar choinbhinsiún Giscard d'Estaing - a dhréachtaigh é - na téarmaí tagartha a thug rialtaisí an AE dó i nDearbhú Laeken, a chomhlíonadh. D'larr sé seo breis ''daonlathais, trédhearcachta agus éifeachta'' don AE, leasaithe a thabharfadh an AE ''níos comhgaraí do na daoine'' agus b'fhéidir ''gnothaí a thabhairt ar ais do na Ballstáit''. Ní mholann an Dréacht- Bhunreacht aon chumhacht in ao'chor a thabhairt ar ais do na Ballstáit.

5.   Deir Alt 1-10 den mBunreacht ''Beidh tosaíocht ag an mBunreacht agus ag na dlithe a ghabhann institiúidí an Aontais chuici féin (agus na cumhachtaí atá bronnta uirthi) ar dhlithe na mBallstáit''. Ní raibh a leithéid de ráiteas in aon chonradh den AE riamh. Chomh maith leis sin, baineann sé le gach gné rialtais, ní leis na cúrsaí eacnamaíochta hamháin a bhí clúdaithe i gconarthaí an AE roimhe sin. Scuabfadh sé sin chun siúil daonlathas náisiúnta agus neamhspleáchas polaitiúil na mBallstáit. Déanfar réigiún de stát an AE díobh go bunreachtúil agus go polaitiúil, agus beidh a mBunreacht náisiúnta agus a ndlithe faoi dhlithe agus faoi Bhunreacht an AE.

6.   Tagann córas nua dlí AE le móramh simplí na stát (chomh fada is go mbíonn 60% de dhaonra an AE ann) in áit an chórais vótála tomhaiste a bhí ann ó Chonradh na Róimhe i 1957. Sin buntáiste do na stáit mhóra le daonra mór. Tugann sé breis cumhachta don bhFrainc agus don nGearmáin, go bhfuil beagnach 40% de dhaonra an AE méadaithe acu eartharthu. Bheadh i bhfad níos mó dlithe dhá reachtáil ag an AE, breis lárnú sa Bhruiséal, níos lú cumhacht do pharlaimintí náisiúnta agus na saoránaigh a thogh iad - níos lú daonlathas.

7.   Cuireann an Bunreacht smacht náisiúnta ar ceal i mbeagnach 30 réimse polasaí - sa dlí agus i bhfeidhmiú sibhialta agus coiriúil, tearmann agus inimirce, Europol agus Eurojust, Fuinneamh, airgeadú bunúsach, conarthaí tráchtála maidir le seirbhísí agus cultúr. Ní theastaíonn ó dhaoine go mbeadh breis cumhachtaí ag an AE díreach tar éis do chonradh Nice agus Amsterdam oiread cumhachta a thabhairt dó cheana.

8.   Cuireann sé deireadh le hUachtaránacht 6-mhí an Aontais Eorpaigh a thug deis do na Ballstáit go léir an AE a rith, cuireann sé Uachtarán polaitiúil ann ar feadh cúig mbliana - cosúil le gnáth-stáit. Cuireann sé Aire Gnóthaí Eachtrach agus seirbhísí taidhleoireachta ar bun, ar leithrigh ó chinn na mBallstát; agus Inchuísitheoir Poiblí Eorpach a bheadh ábalta an dlí a chur ar dhaoine trasna ar theorainneacha náisiúnta.

9.   Ní cheadaíonn an Bunreacht do na Ballstáit polasaí eachtrach neamhspléach a bheith acu. Deir alt 1-15 ''Tacóidh na Ballstáit (go gníomhach agus gan eisceacht) le polasaí eachtrach agus slándála coiteann an Aontais i spiorad dílseachta agus dlúth pháirtíochta agus comhlíonfaidh said na hachtanna atá gafa ag an Aontas chuici féin sna cúraimí seo''. Ní féidir ''dílseacht'' a thaispeáint ach do rud atá níos airde, an AE sa chás so. In alt 1-40 samhlaítear comhghuaillíocht mhíleata agus cosaint choiteann a thiocfadh trasna ar dhualgaisí na mball de Nato atá san Aontas. Níl saoránaigh dhá iarraidh seo.

10.   Leathnaíonn an Bunreacht feidhmiú an Aontais tré chumhacht a thabhairt don Chúirt Bhreithiúnais i Luxembourg cearta shaoránaigh an AE a mheas agus bheadh san ag dul os cionn na mbunreachtanna agus na gcúirteanna uachtaracha náisiúnta, agus os cionn Chúirt na gCearta Daonna i Strasbourg. Deineann sé é seo tré stádas dlí a thabhairt do chairt Eorpach na gcearta daonna san AE - rud a thabharfadh cúirt an AE isteach i ngach gné den saol agus den sochaí mar tagann cúinsí cearta daonna isteach i ngach áit: cearta maoine, dlithe oibre, cúrsaí sláinte, oideachas, cúrsaí creidimh, &rl. Níl caighdeán cearta daonna chomh lochtach i mBallstáit an Aontais go gcuirfí feabhas ortha tríd an bhfocal deireannach a thabhairt do chúirt an AE. Tá difríochtaí idir caighdeán na gceart i dtíortha an Aontais maidir le cúrsaí leochaileacha mar imtheorannú agus triaileacha giúiré. Ar cheart go mbeadh cumhacht ag Cúirt an AE caighdéan coiteann a chur i bhfeidhm ar fud na hEorpa ina leithéid de chásanna? Is mó baint atá ag an moladh seo le cumhacht ná le cearta mar taispeánann cásanna a tógadh i gCúirt na hEorpa cheana go mbíonn sé i gcónaí ag lorg breis cumhachta don AE i réimsi níos leithne.

11.   Alt 1-24 den nDréacht-Bhunreacht, ceadaíonn sé do na huachtaráin agus do na príomh-airí polasaithe an AE a athrú d’aon-ghuth go dtí vótáil móraimh gan chead a fháil le haghaidh chonarthaí nua ó na parlaimintí náisiúnta ná i reifreann. Deir Alt 1-17 gur féidir le Comhairle na nAirí "modhanna oiriúnacha" a úsáid chun cumhachtaí breise a thabhairt dó féin muna mbíonn go leor cumhacht ag an AE chun na cuspóirí leathana a luaitear a bhaint amach. Osclaíonn na hAilt seo an geata chun cumhacht an AE a mhéadú as cuimse: beidh parlaimintí agus saoránaigh thíos leis agus gan aon ghá go n-aontóidís leis. Tá sé seo i gcoinnibh daonlathais ó bhonn.

12.   Faoi Bhunreacht an AE déanfar prionsabail bunreachtúla as saor-eacnamaíocht an mhargaidh, breis iomaíochta san eacnamaíocht, saorghluaiseacht caipitil, príobháidiú seirbhísí poiblí - agus ní féidir cás dlí a thógaint ina éadan mar beidh dlí an AE os cionn an dlí náisiúnta. Áitíonn sé go bhfuil an "eacnamaíocht margaidh shóisialta", téarma ó Bhunreacht na Gearmáine nach luaitear i mbunreacht aon bhallstáit eile, ina chuspóir de chuid an AE. Ní shocraíonn na bunreachtaí náisiúnta polasaithe sóisialta agus roghanna eacnamaíochta faoi mar a dheineann Bunreacht an AE. I ndaonlathas ceart bíonn díospóireacht phoiblí agus imreas idir páirtithe polaitíochta i bplé ceisteanna den tsórt san agus i roghnú cén sórt todhchaí a bhíonn uainn. Ní bhíonn siad leagtha síos mar chuid de dhlí bunúsach an stáit faoi mar atá i mBunreacht an AE.


Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.