Tony Bunyan

Thug Tony Bunyan, stiúrthóir de chuid Statewatch agus bunaitheoir an European Civil Liberties Network, caint dar teideal 'Is a surveillance society the shape of things to come?' ag léacht poiblí a d'eagraigh an ICCL i gCumann Dlí na hÉireann, an 20 Meitheamh 2009.


Saoirsí sibhialta faoi bhagairt

Statewatch, eagras deonach a dhéanann agus a fhoilsíonn taighde ar shaoirsí sibhialta, tar éis aird a tharraingt ar an gcaoi ina bhfuiltear á gcreimeadh ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh - go mór mór i réimse na cúléisteachta leictreonaí agus idirlín. Tá achoimre ar thorthaí an taighde le léamh anseo.


Cuireann treoir Eorpach saoirse na saoránach i mbaol

Chaill rialtas na hÉireann cás a tógadh i gcúirt uachtarach an Aontais Eorpaigh faoi threoir a bhaineann le coinneáil sonraí san earnáil teileachumarsáide agus idirlín. Chuirfidh an treoir, a achtaíodh sa bhliain 2006, iallach ar chomhlachtaí teileachumarsáide agus idirlín sonraí a choinneáil go ceann dhá bhliain. Tá alt ar an gceist le léamh anseo. [Bealtaine 2009]


Paimfléad nua

Tá paimfléad faoin gCairt um Chearta Bunúsacha, ar cuid de Chonradh Liospóin í, curtha amach ag Gluaiseacht an Phobail. Is féidir teacht ar chóip den phaimfléad i bhfoirm PDF anseo. [Aibreán 2008]


An Chartlann

Caitheann na cáipéisí seo a leanas solas ar roinnt de na beartais atá ag bagairt ar shaoirse an tsaoránaigh:

1.   An bhféadfaí pionós an bháis a thabhairt ar ais de réir Bhunreacht an AE?, 12 Nollaig 2004 (i mBéarla amháin).

2.   Cinneadh fuaimintiúil. Díríonn Anthony Coughlan aird ar bhreith a thug an Chúirt Eorpach, breith nach bhfuair mórán poiblíochta ach a chuirfidh go mór le cumhacht an Aontais agus a bhainfidh de chumhachtaí na mballstát (leagan amach PDF), 18 Nollaig 2005.

3.   Rialú faoi Sellafield. Preasráiteas mar gheall ar rialú de chuid na Cúirte Eorpaí a chuir cosc ar Éirinn cás a thógáil i gcoinne na Breataine os comhair bhinse de chuid na Náisiún Aontaithe in iarracht chun monarcha núicléach Sellafield a dhúnadh (leagan amach PDF), 30 Bealtaine 2006.


Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.