Cuireann Gluaiseacht an Phobail i gcoinne gach beartas chun ollstát feidearálach a dhéanamh den Aontas Eorpach agus oibríonn sí chun cumhacht na saoránach, an daonlathas, agus an chóir shóisialta a chosaint agus a leathnú in Éirinn.


People's News - 4th March 2022

Tá an t-eagrán reatha de People's News, eagrán dar dáta an 4th March 2022, le fáil anseo.



Baile Átha Cliath - 11 Nollaig 2018

D'eagraigh Gluaiseacht an Phobail agóid i gcoinne PESCO, an 'buanchomhar structúrtha' i gcúrsaí míleata atá ag an AE, os comhair Theach Laighean ar an 11 Nollaig 2018 (féach thuas).


Baile Átha Cliath - 25 Iúil 2018


Cuid den dream a ghlac páirt san agóid

Diúltaímis d'arm an AE! Diúltaímis do PESCO!
Agóid
Chun aird a tharraingt ar bhunú arm an Aontais Eorpaigh
Áras na hEorpa,
12–14 Sráid an Mhóta Íochtair, BÁC 2.
Dé Céadaoin, 25 Iúil 2015, 1.00 p.m.


Baile Átha Cliath - 17 Feabhra 2018


Cliceáil anseo chun leagan níos mó den phóstaer thuas a fheiceáil.

Tá an léacht a thug Lave Broch, ball de Ghluaiseacht an Phobail sa Danmhairg, le fáil anseo i leagan amach PDF.

Tá roinnt de na cainteoirí agus daoine eile a d'fhreastail ar an gcomhdháil faoi PESCO a tionóladh i dTigh an Ardmhéara, an 17 Feabhra, le feiceáil sna pictiúir thíos.


Seoladh paimfléid ar an gconradh trádála

Míníonn paimfléad nua ó Ghluaiseacht an Phobail conas a dhéanfadh conradh trádála agus infheistíochta idir an AE agus SAM dochar don daonlathas, do chearta an lucht oibre, do chaighdeáin shóisialta, do chosaint na timpeallachta, do shábháilteacht an bhia, do rialú na gceimiceán nimhneach, don phríobháideachas digiteach, agus conas a scriosfadh sé geilleagar na dtíortha neamhfhorbartha.

Tá cóip (356 KB) den phaimfléad i bhfoirm PDF le fáil anseo.


Lucht an ardáin ag seoladh an phaimfléid

Seoaldh an paimfléad ag preasagallamh i mBaile Átha Cliath, an 5 Meán Fómhair. Tá achoimre ar a ndúirt na cainteoirí éagsúla ag an seoladh le fáil sa phreasráiteas anseo.

D'éisigh Gluaiseacht an Phobail bileog ina bhfuil scrúdú déanta ar an dochar a dhéanfadh an conradh don fhostaíocht. Is féidir cóip den bhileog a bhailiú anseo.


Prionta nua le Robert Ballagh

Tá prionta nua le Robert Ballagh, in eagrán atá teoranta do chúig chóip is fiche, le ceannach ó Ghluaiseacht an Phobail. Léiríonn an prionta go bhfuil ceann de na réaltaí ar bhratach an AE ina smionagar - mar atá, Éire!

Cosnaíonn an prionta (37 × 30 cm) €125 gan fhráma nó €150 le fráma. Úsáidfear an t-airgead go léir chun tacú lenár gcuid oibre. Glaoigh ar 087 2308330 chun cóip a ordú.


Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.