Deineann an Bunreacht atá molta don Eoraip míleatú ar an AE, cuireann sé iachall orainn socrú a aontú chun cosaint a dhéanamh ar a chéile agus ceanglaíonn sé sinn le Conradh Euratom.

Tá sé ráite go neamhbhalbh sa Bhunreacht Eorpach atá molta, in Alt 1-40: "Beidh dréachtú forásach polasaí coiteann slándála agus cosanta, san áireamh i bpolasaí coiteann slándála agus cosanta don Aontas. Beidh cosaint coiteann mar thoradh air sin nuair a bheartóidh Comhairle na hEorpa é d'aonghuth". Tá an t-alt seo cosúil le halt i gConradh Nice: "Bheadh cosaint coiteann mar thoradh ar dhréachtú forásach polasaí coiteann cosanta dá mbeartódh Comhairle na hEorpa é sin a dhéanamh".

Mar sin, má ghlacann Éireannaigh leis an mBunreacht i reifreann, beidh a bhfuil fágtha dár neodracht imithe agus beimíd gafa le cuspóir cosanta coiteann an AE, go bunreachtúil. Tá an méid sin soiléir. Sin deireadh leis an gceist; níl ann ach cathain.

Ceadaíonn Alt 1-40 Áisíneacht Eorpach Airm, Taighde agus Cumais Míleata a bhunú chun tacú le cosaint coiteann. Is léir gurb é a chuspóir sin ná áisíneacht déantúsaiochta míleata a raghadh i gcomórtas lena mhacasamhail i SAM. Ceadaionn an tAlt úsáid a bhaint as acmhainní míleata agus sibhialta chun cur isteach ar thíortha iasachta. Tá cuma bhagrach ar an gcur-isteach seo: tá "Déanamh síochána agus daingniú i réigiún iarchoimhlinte" agus "tacú le tíortha eile i dtroid sceimhlitheoireachta ina réigiúin féin" curtha san áireamh.

Thuairiscigh Grúpa Oibre 8 (Cosaint) den chomhdháil a dhréachtaigh an bunreacht go gcuirfí "leas" an AE chun cinn le fórsa i gcomhthéacs "easpa slándála na cruinne". Tabharfar an fhorbairt seo chun críche tré "sheasmhacht a chruthú lasmuigh den AE" agus cuideoidh "tuairim an phobail" atá "fabhrach do chosaint Eorpach de réir dealraimh" leis seo. Níl sé ró-dhéanach iad a bhréagnú: teastaíonn freasúra láidir freagrach i gcoinnibh an bhunreachta atá molta sa reifreann a bheidh ann, is cosúil, i 2005.

Cuireann an Bunreacht don AE atá molta, ceangal orainn tacú le cuspóirí Chonradh Euratom.

An Conradh a bhunaíonn Bunreacht don AE, cuireadh prótacal docht leis go hobann, gan plé. Ceanglaíonn an prótacal seo rialacha Chonradh Fuinnimh Adamhaigh na hEorpa don Bhunreacht agus cuireann sé coinníollacha airgeadais an Aontais i bhfeidhm ar an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. Cuireann Conradh Euratom ceangal ar bhallstáit an AE na coinníollacha riachtanacha a chruthú chun tionscal eithneach a chruthú gan mhoill, borradh a chur faoi, agus "cabhrú le infheistiú chun fuinneamh eithneach a fhorbairt". Tá Coimisiún an AE freagrach as airgeadú Euratom tré bhuiséad an AE. Deintear cinnidh ar iasachtaí &rl faoi rún. Ní bhíonn aon phlé poiblí ann. Tá an Coimisiún fabhrach don chumhacht eithneach agus tá sé chun cinneadh a dhéanamh Dé Céadaoin (24 Márta) an dtabharfaidh sé cabhair airgid chun freasaitheoir eithneach a thógaint sa Rómáin - iarrthóir ar bhallraíocht san AE.

Tá dhá ábhar buartha i dtaobh an phrótacail seo: ó Lá Bealtaine amach beidh freasaitheoirí eithneacha ag furmhór na mballstát ach (1) níl rialacha coiteanna sábháltachta gur féidir a chur i bhfeidhm agus (2) tá baol ann anois go n-athróidh cothromaíocht na cumhachta i bhfábhar cumas eithneach a chur chun cinn go bagrach sa AE (mar thoradh ar theacht na mballstát nua eithneach isteach san Aontas agus an prótacal láidir docht bunreachtúil). Dá réir sin d'fhéadfaí cuid mhaith de bhuiséad an AE a chur i leataoibh chun cumhacht eithneach a fhorbairt. Tá éirithe leis an bpobal sa tSualainn agus sa Ghearmáin céimeanna a thógaint chun deireadh a chur le cumhacht eithneach. D'fhéadfaí na torthaí seo a baineadh amach le dua a chaitheamh i leataoibh mar gheall ar phrótacal Euratom.

Iarrann Gluaiseacht an Phobail ort, ar bhonn prionsabail, cur i gcoinne an Bhunreachta atá molta de bharr na n-alt agus an phrótacail thuasluaite - ach de bharr altanna eile freisin, go háirithe Ailt 1-10 adeir: "Beidh tosaíocht ag an mBunreacht agus ag na dlithe a ghabhann institiúidí an Aontais chuici féin (agus na cumhachtaí atá bronnta uirthi) ar dhlithe na mballstát". Baineann san an bonn d'ár bhflaitheas. Ní bheadh ach cumhacht comhairle baile ag an Oireachtas.

Iarrtar ar dhaonlathaigh cuidiú linn cur i gcoinne an Bhunreachta seo tré chraobhacha áitiúla a bhunú chun feachtas a thosnú i rith an reifrinn agus tré shintiús a thabhairt dár gCiste Feachtais.


Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.